21 mholadh chun deiseanna foghlama i dtír eile a fhíorú do chách
Idir an 28 agus an 30 Aibreán, thionóil an Coimisiún Painéal Saoránach sa Bhruiséil don tríú seisiún, arbh é an seisiún deiridh freisin, den phlé maidir le conas deiseanna foghlama go dtí tíortha eile a leathnú do chách. Na smaointe a chuir na saoránaigh chun cinn, cuireadh chun cinn iad mar 21 mholadh nithiúla a raibh sé mar aidhm leo soghluaisteacht foghlaimeoirí, oideoirí agus ball foirne a éascú ó thír amháin go tír eile.
Agus é mar sprioc ghinearálta an timpeallacht foghlama a dhéanamh níos inrochtana do chách, leagtar béim sna moltaí ón bpainéal ar an tábhacht a bhaineann le feasacht ar dheiseanna a mhéadú tuilleadh agus rannpháirtíocht a spreagadh i measc daoine ar lú na deiseanna atá acu. Leagtar amach iontu freisin na deiseanna agus na dúshláin a eascraíonn as an digitiú agus déanann siad iniúchadh ar réitigh inbhuanaithe chun tionchar na soghluaisteachta ar an gcomhshaol a laghdú.
Le linn trí dheireadh seachtaine i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin, 150 saoránach a roghnaíodh go randamach d’aoisghrúpaí agus de chúlraí éagsúla ó na 27 mBallstát, phléigh siad agus shainaithin siad bacainní ar shoghluaisteacht foghlama i dtír eile.
Tharraing na rannpháirtithe aird ar na príomhréimsí le haghaidh feabhsuithe agus thug siad tosaíocht do réitigh chun rochtain agus rannpháirtíocht ar eispéiris foghlama i dtír eile a mhéadú, gan beann ar aois ná ar réimse an oideachais, ó oideachas scoile go dtí an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint, chomh maith le hardoideachas, foghlaim aosach, agus suíomhanna foghlama seachfhoirmiúla freisin.
Cuirfear na moltaí san áireamh sa togra ón gCoimisiún le haghaidh moladh ón gComhairle, atá beartaithe i gcomhair níos déanaí in 2023. Beidh an moladh ina chreat treorach don Choimisiún freisin chun aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí agus ar bhacainní ar shoghluaisteacht foghlama.
Ag an am céanna, tá comhairliúcháin phoiblí ar líne maidir le soghluaisteacht foghlama á reáchtáil ag an gCoimisiún go dtí an 3 Bealtaine.
Tá an tsraith iomlán moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Conas is féidir linn deiseanna soghluaisteachta foghlama a chur ar fáil do chách?
Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar shaoránaigh cuidiú chun an tsoghluaisteacht foghlama san Eoraip a dhéanamh níos inrochtana do gach foghlaimeoir agus do gach oideachasóir agus chun cur leis an eolas atá acu uirthi. Tá an painéal saoránach mar chuid de straitéis chomhairliúcháin níos leithne, arb é is aidhm di tuairimí agus moltaí a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile faoi chuimsiú an chomhairliúcháin phoiblí atá ar siúl faoi láthair go dtí an 3 Bealtaine 2023.
Iarrtar ar shaoránaigh na pointí seo a leanas a chur san áireamh:
- An gá atá le grúpaí iomadúla foghlaimeoirí agus oiliúnóirí a áireamh, agus go háirithe, daoine ar lú ná an gnách na deiseanna atá acu (mar gheall ar mhíchumas, fadhbanna sláinte, bacainní eacnamaíocha, sóisialta, geografacha agus eile) agus grúpaí ar lú ná an gnách an tsoghluaisteacht atá acu, (amhail daltaí scoile agus múinteoirí, printísigh agus oiliúnaithe, foghlaimeoirí fásta agus oideoirí);
- an gá atá leis an tsoghluaisteacht a choimeád chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir agus na modhanna taistil á roghnú agus cleachtais inbhuanaithe á gcur chun cinn, chun cuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide;
- deiseanna agus dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an digitiú (mar shampla, úsáid níos fearr a bhaint as ardáin dhigiteacha don fhoghlaim, don chumasc ar an láthair agus don fhoghlaim ar líne);
- acmhainneacht na soghluaisteachta foghlama don idirphlé idirchultúrtha, don tsaoránacht ghníomhach agus do chur chun cinn luachanna coiteanna.
Tá tuilleadh mionsonraí sa phacáiste eolais atá ar fáil sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Céard leis ar féidir linn a bheith ag súil ón bpainéal?
Tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach togra beartais nua a chur ar aghaidh in 2023 arb é is cuspóir dó soghluaisteacht foghlama a chur chun cinn do gach duine sa Limistéar Eorpach Oideachais – is cuma cén áit as a dtagann tú nó cá bhfuil tú i do chónaí.
Cuirfidh an painéal liosta moltaí ar fáil ar deireadh. Tacóidh sé le hobair an Choimisiúin ar an togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le soghluaisteacht foghlama.
Amlíne
Beidh seisiúin an phainéil soghluaisteachta foghlama ar siúl i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2023.
- 3-5 Márta 2023Seisiún 1 – an Bhruiséil
Sa chéad seisiún, chuir na saoránaigh fís choiteann le chéile maidir le todhchaí na soghluaisteachta foghlama san Eoraip. D’aithin siad freisin na spriocghrúpaí éagsúla is gá dúinn a chur san áireamh agus an tsoghluaisteacht foghlama á cur ar fáil do chách.
Féach an achoimre sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Taifeadtaí: Dé hAoine, an 3 Márta Dé Domhnaigh, an 5 Márta
- 24-26 Márta 2023Seisiún 2 – ar líne
Sa dara seisiún, rinne na rannpháirtithe – bunaithe ar an bhfís choiteann, ar na spriocghrúpaí agus ar na treochtaí atá ag teacht chun cinn a sainaithníodh i seisiún 1 – plé níos mionsonraithe ar na príomhchonstaicí agus ar na príomhdhúshláin a bhíonn roimh ghrúpaí éagsúla de shaoránaigh Eorpacha i dtaca leis an tsoghluaisteacht foghlama.
Féach an achoimre sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Taifeadtaí: 24 Márta 2023 26 Márta 2023
- 28–30 Aibreán 2023Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
Sa seisiún deiridh, cuireadh conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí na bpainéal, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá liosta deiridh na moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Taifeadtaí: