Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
MÚNLAIGH ÁR nDAONLATHAS.
Cuidigh chun an todhchaí a mhúnlú.

Cuir do thuairim in iúl.

Cuir do thuairimí in iúl agus cuidigh chun beartais an Aontais a mhúnlú

Spreagann an tAontas Eorpach (AE) saoránaigh ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais le saincheisteanna atá tábhachtach dóibh a phlé. Mar shampla, cad iad na tosaíochtaí ba cheart a bheith mar threoir i gcás bhuiséad fadtéarmach an Aontais? Conas is féidir linn ullmhú níos fearr do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo? Conas is féidir linn ár dtithe a dhéanamh fuinneamhéifeachtúil? Conas is féidir linn an daonlathas a neartú? Cuidíonn smaointe na saoránach chun beartais an Aontais amach anseo a mhúnlú. Is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí oscailte ar líne, agus é sin a dhéanamh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ina theannta sin, eagraíonn an Coimisiún Eorpach Painéil Saoránach lena dtugtar le chéile 150 saoránach Eorpach chun téama beartais sonrach a phlé le chéile. 

Glac páirt ar bhealach a oireann duit

  • Glac páirt i ndíospóireacht ar líne

    Comhroinn smaointe agus vótáil orthu; déan athbhreithniú ar smaointe daoine eile agus tabhair do bharúil ina leith.

  • Freastail ar imeacht i ngar duit

    Glac páirt in imeacht áitiúil a bhaineann le díospóireacht ar líne nó eagraigh imeacht den chineál sin.

  • Bí ar an eolas

    Liostaigh lenar nuachtlitir, faigh eolas faoi phlé atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ar siúl amach anseo.


Díospóireachtaí ar líne

Na haighneachtaí ar líne is déanaí

  • Ní féidir aon aighneacht a thaispeáint faoi láthair.

Cuir do thuairim in iúl maidir leis na nithe is cás leat

Seo iad na díospóireachtaí ar líne atá ar siúl faoi láthair - is féidir leat a fheiceáil cad a cheapann daoine eile agus do thuairimí féin a chur in iúl.

  • An daonlathas a chosaint

    Conas is féidir linn an daonlathas a neartú agus rannpháirtíocht na saoránach a mhéadú?

    Glac páirt

  • Cad iad na rudaí is cás le daoine óga iad?

    Pléigh na saincheisteanna is mó is cás le daoine óga.

    Glac páirt

Na himeachtaí is déanaí

  • Ní féidir aon imeacht a thaispeáint faoi láthair.

Painéil saoránach - Eorpaigh ag teacht le chéile chun tionchar a imirt

Tugann na painéil saoránach deis do 150 saoránach Eorpach teacht le chéile agus plé a dhéanamh le chéile ar théama beartais ar leith, agus moltaí a chur le chéile chun bonn eolais a chur faoi cheapadh beartas.

  • Na painéil saoránach
    8.00as na painéil uilea thugann saoránaigh le chéile chun beartas an Aontais a mhúnlú
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar an éagsúlacht
    1160.00saoránachas gach cúlra agus gach aicme, a bhfuil páirt glactha acu
  • Ar fud na hEorpa
    27.00as tíortha den Aontasa ndéantar ionadaíocht orthu i ngach painéal
Tá an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an Athléimneacht Dhaonlathach ar tí tosú

Ón 18 go dtí an 20 Meán Fómhair 2026, tiocfaidh 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó gach cearn den Aontas le chéile sa Bhruiséil don chéad seisiún de na trí sheisiún a bheidh ann den Phainéal Saoránach Eorpach maidir leis an Athléimneacht Dhaonlathach.

Tuilleadh eolais faoin bpainéal

Conas a oibríonn painéil saoránach?

Bhí an painéal maidir leis an bhfuath a chomhrac ar siúl in 2024. Mínítear san fhíseán seo conas a d’oibrigh sé agus conas a bhraith na daoine a ghlac páirt san imeacht faoin bplé. 

MÚNLAIGH ÁR nDAONLATHAS. COSAIN AN RUD ATÁ TÁBHACHTACH.

Páirt a ghlacadh i gceapadh beartas, cad chuige?

Painéil Saoránach Eorpach a bhí ann roimhe seo

Conas is féidir le hEorpaigh a bheith níos ullmhaithe do ghéarchéimeanna? Conas is féidir a chinntiú go mbeidh gníomhaíochtaí an Aontais cuimsitheach, éifeachtach agus go bhfreagróidh siad do riachtanais na saoránach?

Cé na tosaíochtaí ar cheart buiséad an Aontais a chaitheamh orthu amach anseo? Cé na gníomhaíochtaí ar cheart dó tacú leo chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach?

Bealaí eile chun an todhchaí a mhúnlú