Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
Painéil Eorpacha na Saoránach

Polaitíocht ón mbun aníos

An turas trí na Painéil Saoránach

Dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí le chéile

Thar thrí dheireadh seachtaine, chuaigh 150 saoránach den Aontas a roghnaíodh go randamach i mbun plé maidir le conas dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí. An toradh: In ainneoin gur téama íogair atá ann agus an baol go mbeadh mothúcháin agus deighiltí láidre ann, bhí díospóireacht chuiditheach mheasúil ag na painéalaithe. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar úsáid siad a gcuid léargas an-phearsanta chun 21 mholadh nithiúla a chruthú don Choimisiún Eorpach?
Féach air anseo!

 

Úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh, le chéile

Tá an tAontas Eorpach ag glaoch ort. An bhfuil tú le freagairt? Nuair a d’iarr an Coimisiún Eorpach ar Csenge, Conall, agus ar 148 saoránach eile den Aontas a roghnaíodh go randamach plé a dhéanamh ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhruiséil, ghlac siad leis an dúshlán. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar chuir a nguth leis an bplé?
Féach leat an dóigh ar éirigh leo ar an bPainéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.

Painéil atá tugtha i gcrích

Estonian volunteers after work

Cén chaoi ar féidir gach saoránach Eorpach a chumhachtú agus a ullmhú níos fearr do ghéarchéimeanna? Cén chaoi a gcinnteoimid go mbeidh gníomhaíochtaí agus tionscnaimh Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta cuimsitheach éifeachtach agus go bhfreagróidh siad ar riachtanais na saoránach uile?

Conas is féidir linn deighiltí ó ghlúin go glúin a dhúnadh ar mhaithe le cách trí insint ar an dlúthpháirtíocht, ar an tacaíocht fhrithpháirteach agus ar an bhfreagracht chomhroinnte a chothú?
Conas is féidir linn cothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais agus leasanna gach aoisghrúpa, riachtanais agus leasanna na nglúnta atá le teacht san áireamh?

Cad iad na tosaíochtaí ar cheart buiséad an Aontais a chaitheamh orthu amach anseo?
Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí ar cheart tacaíocht bhuiséadach an Aontais a bheith ina cuidiú chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach?

food waste fridge

Cad iad na gníomhaíochtaí is ceart do Bhallstáit an Aontais, do ghníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia, do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí eile a dhéanamh chun dlús a chur leis an iarracht chun an cur amú bia a laghdú?

Cad iad na Painéil Saoránach Eorpach?

Cén dóigh a n-oibríonn Painéal Saoránach?

  1. Seisiún 1
    Smaointe a spreagadh

    Is é cuspóir an chéad seisiúin smaointe a spreagadh agus na cineálacha cur chuige is fearr leis na saoránaigh a fhorbairt agus a ghrúpáil chun plé a dhéanamh orthu sna seisiúin atá le teacht.

  2. Seisiún 2
    Athbhreithniú agus mionchoigeartú

    Is é sprioc an tseisiúin seo tógáil ar an gcur chuige a comhaontaíodh sa chéad seisiún agus moltaí tosaigh na saoránach a dhréachtú. Tar éis próiseas atriallach ‘piarmheasúnaithe’, déanann na saoránaigh athbhreithniú ina meithleacha ar obair a chéile agus cuireann siad leis an obair sin, rud a spreagann smaointe eile. Is é an méid sin a bheidh mar bhonn ag an bpainéal chun a mholtaí deiridh a fhorbairt le linn an tseisiúin deiridh.

  3. Seisiún clabhsúir
    Conclúid

    Leis an seisiún clabhsúir, cuirtear conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí an phainéil, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, mar chuid den phacáiste a ghabhann leis na tograí ábhartha.

Cén dóigh a roghnaítear saoránaigh?

  • Thart ar 150 saoránach ó na 27 mBallstát, a roghnaítear go randamach

  • Déanann siad ionadaíocht ar éagsúlacht an Aontais Eorpaigh – tíreolaíocht (uirbeach/faoin tuath), inscne, aois, oideachas, cúlra socheacnamaíoch, íomhá den Aontas

  • Is daoine óga iad 1/3 de na rannpháirtithe (16-29 bliana d’aois)

Is trí roghnú randamach a earcaítear rannpháirtithe na bPainéal Saoránach. Chun a chinntiú go léirítear sochdhéimeagrafach an Aontais sna painéil a mhéid is féidir, cinntítear leis an bpróiseas go mbíonn an earcaíocht ionadaíoch.

Is éard atá sna spriocfhigiúirí earcaíochta sonraí a tugadh ó na nithe seo a leanas:

  • Eurostat, Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh, agus
  • Eorabharaiméadar, suirbhé bliantúil an Aontais Eorpaigh ar thuairimí an phobail.

Cinntíonn roghnú srathaithe gurb ionann daoine óga idir 16-29 mbliana d’aois agus aon trian den Phainéal
Léiríonn saintréithe eile dáileadh dhaonra an Aontais. Cuimsítear ar na catagóirí sin:

  • aois,
  • inscne,
  • leibhéal oideachais,
  • catagóir shochghairmiúil,
  • leibhéal an uirbithe,
  • dearcadh i leith an Aontais Eorpaigh.

Earcaítear rannpháirtithe ó gach Ballstát i gcomhréir lena dhaonra. Mar sin féin, chun a ráthú go mbeidh ionadaíocht ag na tíortha is lú fiú, tá beirt rannpháirtithe ar a laghad ó gach Ballstát. I gcásanna den sórt sin, ní féidir na catagóirí sochdhéimeagrafacha uile a léiriú laistigh de thoscaireacht tíre amháin, ach cinntítear éagsúlacht na gcatagóirí ar fud an Phainéil ina iomláine.

Déantar an próiseas roghnúcháin a athnuachan do gach Painéal nua.

Tá sé ríthábhachtach painéil a earcú ina léirítear an éagsúlacht chun plé bríomhar a éascú agus chun a chinntiú go léireofar raon leathan dearcthaí agus tuairimí leis na pléití sin.

 

Gailearaí