Úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh, le chéile
Tá an tAontas Eorpach ag glaoch ort. An bhfuil tú le freagairt? Nuair a d’iarr an Coimisiún Eorpach ar Csenge, Conall, agus ar 148 saoránach eile den Aontas a roghnaíodh go randamach plé a dhéanamh ar an Éifeachtúlacht Fuinnimh sa Bhruiséil, ghlac siad leis an dúshlán. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar chuir a nguth leis an bplé?
Féach leat an dóigh ar éirigh leo ar an bPainéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh.
Torthaí an Phainéil agus obair leantach
Bunaithe ar an obair a rinne an Coimisiún Eorpach roimhe seo agus atá ar siúl faoi láthair, chuir an Painéal liosta moltaí le chéile chun cur le tionscnaimh de chuid an Aontais atá ar na bacáin. Áirítear orthu sin Moladh ina bhfuil treoirlínte earnáilsonracha maidir le cur i bhfeidhm ‘Céadphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh’, atá á dhréachtú agus á ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach faoi láthair lena ghlacadh.
Idir an dá linn, tá an Coimisiún ag obair ar ghníomhaíochtaí breise a leanann de bheith ag cur le moltaí agus smaointe na saoránach. Sampla tábhachtach is ea Pacáiste Fuinnimh na Saoránach, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh agus a chinntiú go mbeidh an t-aistriú sin cóir agus cothrom.
Tá an Pacáiste deartha le bheith ina uirlis chun saoránaigh a ghníomhachtú, ina n-aonar nó i dteannta a chéile trí phobail fuinnimh, páirt a ghlacadh san aistriú fuinnimh agus chun tairbhe dhíreach a bhaint as. Cuirfidh an Coimisiún an pacáiste i láthair i mí an Mhárta 2026.

Plean Gníomhaíochta na bPobal Fuinnimh
Mar chuid de Phacáiste Fuinnimh na Saoránach, ullmhóidh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta na bPobal Fuinnimh freisin, lena dtacófar leis an Aontas agus lena Bhallstáit dlús a chur le forbairt pobal fuinnimh, mar a mhol an painéal.
Chun trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú, reáchtálfar Imeacht Aiseolais an 6 Feabhra 2026, ina míneoidh an Coimisiún Eorpach an chaoi a bhfuil moltaí na saoránach á gcur i bhfeidhm aige.
Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
Ag deireadh sheisiún deiridh an Phainéil, chuir na saoránaigh a moltaí faoi bhráid Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um an gComhaontú Glas don Eoraip.
Le linn trí dheireadh seachtaine, tháinig 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó na 27 mBallstát uile le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na buntáistí is ábhartha dóibh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh.
I dteannta a chéile, chuir siad liosta moltaí nithiúla ar aghaidh a chuideoidh le dlíthe an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a chuirfidh le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin atá le teacht. Orthu sin tá an togra atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh Moladh maidir le ‘Céadphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh’.

Cén chaoi ar féidir leis an Aontas Eorpach tairbhe na héifeachtúlachta fuinnimh a chur ar fáil do shaoránaigh, d’údaráis phoiblí agus d’fhiontair?
Thug an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh 150 saoránach Eorpach le chéile chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáidtear fuinneamh san Aontas agus ar an gcaoi a bhféadfadh athrú teacht ar an gan córas fuinnimh amach anseo. Ba thráthúil an méid sin i bhfianaise na géarchéime fuinnimh le déanaí a dheimhnigh an gá atá le córas fuinnimh de chuid an Aontais atá níos glaine agus níos sláine.
Dhírigh na rannpháirtithe ar ghnéithe éagsúla den éifeachtúlacht fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith romhainn sa bhaile, inár bpobail nó san ionad oibre. I measc na n-ábhar a bhí á bplé bhí ceisteanna ann a bhain leis an gcaoi a dtéitear ár bhfoirgnimh, na cineálacha fearas tí a cheannaímid, agus an cineál iompair a úsáidimid.

Amlíne
Bhí an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir Feabhra agus Aibreán 2024
- 23-25 FeabhraSeisiún 1 – an Bhruiséil
- Malartú a dhéanamh ar na chéad smaointe is mó a bhfuil, dar leis na rannpháirtithe, gealladh fúthu don chleachtadh seo.
- Réamhrá maidir le ‘héifeachtúlacht fuinnimh’: an méid atá i gceist leis agus an méid atá ar siúl cheana féin chun feabhas a chur uirthi, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.
- Tionchar agus éifeacht na héifeachtúlachta fuinnimh ar ár saol laethúil a aithint, agus bealaí chun tairbhe iomlán a bhaint aisti.
Taifeadtaí 23 Feabhra 2024 | 25 Feabhra 2024
- 15-17 MártaSeisiún 2 – ar líne
- Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus forbairt smaointe de réir téama agus ábhair.
- An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt.
Taifeadtaí 15 Márta 2024 | 17 Márta 2024
- 12-14 AibreánSeisiún clabhsúir – an Bhruiséil
- Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach.
- Míniú ar na chéad chéimeanna eile - an tionchar ar cheapadh beartas agus tráth aiseolais.
Taifeadtaí 12 Aibreán 2024 | 14 Aibreán 2024
Gailearaí Grianghraf


Energy Efficiency Panel image 12Energy Efficiency Panel image 12 

Energy Efficiency Panel image 13Energy Efficiency Panel image 13 

Energy Efficiency Panel image 1Energy Efficiency Panel image 1 

Energy Efficiency Panel image 4Energy Efficiency Panel image 4 

Energy Efficiency Panel image 6Energy Efficiency Panel image 6 

Energy Efficiency Panel image 11Energy Efficiency Panel image 11 

Energy Efficiency Panel image 9Energy Efficiency Panel image 9 

Energy Efficiency Panel image 5Energy Efficiency Panel image 5 

Energy Efficiency Panel image 7Energy Efficiency Panel image 7 

Energy Efficiency Panel image 10Energy Efficiency Panel image 10 

Energy Efficiency Panel image 2Energy Efficiency Panel image 2 

Energy Efficiency Panel image 3Energy Efficiency Panel image 3
