Conclúid an phlé ar bhuiséad nua an Aontais

Tar éis na míonna d’ionchur agus plé ó ghuthanna éagsúla, tá deireadh curtha ag Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach leis an bplé ar Bhuiséad Nua an Aontais. Roinn saoránaigh ó gach cearn den Eoraip a gcuid smaointe maidir le conas an leas is fearr a bhaint as gach euro, a chinntiú go léiríonn an buiséad riachtanais éagsúla, agus dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte le chéile.
Chuir na moltaí a cuireadh isteach tríd an Ardán le plé an Phainéil Saoránach Eorpach maidir le Buiséad an Aontais agus cuideoidh siad leis an gcaoi a n-úsáidtear an buiséad amach anseo a mhúnlú. Leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith ag tógáil ar na léargais sin chun treoir a thabhairt dá thosaíochtaí agus chun a chinntiú go n-oibreoidh an buiséad do gach Eorpach.
Gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt sa phlé tábhachtach seo. Tá tábhacht le do ghuth – agus cuidíonn sé chun na cinntí a mhúnlú a neartóidh an Eoraip do na glúnta atá le teacht.
Cliceáil ar ‘Tuilleadh eolais’ le féachaint ar an bplé iomlán.
Cén fáth a bhfuil an buiséad Eorpach á phlé againn?

Is ré é seo san Eoraip ina bhfuil athruithe ollmhóra ag tarlú – inár sochaithe agus ó thaobh na slándála de, i dtaca leis an bpláinéad agus leis an ngeilleagar, lenár ndaonlathas agus lenár rathúnas freisin. Ní féidir linn dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda sin ach amháin trí ghníomhaíocht chomhpháirteach agus gach Eorpach ar bord léi. Agus tá an buiséad Eorpach ar cheann de na cinn feadhna is cúis le gníomhaíocht Eorpach.
Is é is aidhm don bhuiséad Eorpach tacú lenár dtosaíochtaí polaitiúla. Is fearr is féidir linn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus tionchar dearfach díreach a imirt ar shaol laethúil na saoránach, ach acmhainní airgeadais a chomhthiomsú.
In 2025 tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh buiséad fadtéarmach Eorpach nua a thosóidh in 2028, rud a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ina dhiaidh sin. Ní mór don bhuiséad fadtéarmach Eorpach formheas d’aon toil a fháil óna Bhallstáit uile, agus ó thromlach Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
Is deis é seo chun teacht ar chomhaontú maidir le buiséad Eorpach láidir nua-aimseartha a bheidh oiriúnach dár n-uaillmhianta.
Conas a dhéanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na smaointe a bhaileofar?
Anois agus an plé ar bhuiséad nua an Aontais tugtha chun críche, cuideoidh na smaointe a chuir saoránaigh isteach ar an Ardán chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile. Is ríthábhachtach do chuid léargas chun a chinntiú go bhfreastalóidh an buiséad Eorpach ar fhíor-riachtanais agus go gcruthóidh siad athrú fiúntach. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach na léargais sin san áireamh agus é ag ullmhú a thogra le haghaidh bhuiséad nua an Aontais.
Amlíne
- Feabhra - BealtainePlé ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, déanann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu, trí aighneachtaí aonair nó mar thoradh ar obair chomhchoiteann, mar shampla i bhfoirm imeacht rannpháirtíochta.
- Márta - BealtainePainéal na Saoránach
Cuireann aighneachtaí ar líne le plé painéal agus ar deireadh, le ceapadh beartas na hEorpa.
- IúilTogra
Foilsíonn an Coimisiún an togra le haghaidh an bhuiséid Eorpaigh nua.
An buiséad Eorpach: Cad atá ag braith air?

Sainítear sa bhuiséad fadtéarmach Eorpach méid an bhuiséid agus ar a gcaithfear é ar feadh roinnt blianta. An buiséad fadtéarmach atá ann faoi láthair, téann sé ó 2021 go 2027 agus is ionann é agus €1.2 trilliún, is é sin thart ar 1% de OTI an Aontais. Cuirtear thart ar €800 billiún leis ó NextGenerationEU, ionstraim shealadach chun an téarnamh ó phaindéim COVID-19 a mhaoiniú.
Tá sé léirithe ag an mbuiséad Eorpach go ndéanann sé beart de réir a bhriathair do na saoránaigh. Mar shampla, trí thionscadail agus gníomhaíochtaí a mhaoiniú lena dtacaítear le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch réigiúin na hEorpa, trí thacú le feirmeoirí agus le ceantair thuaithe, tríd an gcomhshaol a chosaint agus tríd an athrú aeráide a chomhrac, trí aistriú digiteach ár sochaithe a chur chun cinn, agus trí thacú le taighde agus nuálaíocht. Agus le blianta beaga anuas, tá sé anois ina líne tharrthála againn le linn géarchéimeanna, ó phaindéim COVID-19 go hionradh na Rúise ar an Úcráin, chun tacú lenár neamhspleáchas fuinnimh agus chun tacú leis an Úcráin.
Baineadh an méid seo a leanas amach a bhuí leis an tacaíocht a cuireadh ar fáil ón mbuiséad Eorpach:
- seachnaíodh 87 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana.
- ghlac 16 mhilliún duine páirt in Erasmus ó bunaíodh é in 1987.
- bhain 5.8 milliún feirmeoir tairbhe as tacaíocht airgeadais dhíreach ón gComhbheartas Talmhaíochta in 2022.
Comhairliúchán poiblí ar líne
Chomh maith leis an bplé ar an Ardán seo, reáchtáladh comhairliúcháin phoiblí ar an ábhar seo le déanaí chun tuilleadh léargas a bhailiú.