Moltaí na saoránach a chomhtháthú sa bheartas maidir le cur amú bia
Dé Máirt, an 7 Samhain 2023, tháinig saoránaigh den Phainéal Saoránach Eorpach um an gCur Amú Bia le chéile arís le haghaidh imeacht aiseolais mar chuid de Chruinniú Comhpháirteach Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia (FLW). Rinne oifigigh an Choimisiúin plé níos doimhne ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar mholtaí an Phainéil le haschuir nithiúla bheartais. Mar a mhínigh siad, tá tionchar na moltaí a fuarthas ó shaoránaigh le feiceáil cheana féin i dtionscnaimh amhail Ardán FLW agus an Treoir Réime Dramhaíola.
Is féidir teacht ar an tuarascáil aiseolais i liosta na ndoiciméad thíos agus foghlaim faoin mbealach a chuir an Coimisiún Eorpach moltaí na saoránach san áireamh.

Cén dóigh is féidir cur amú bia a laghdú ar bhealach níos éifeachtaí?
Ní leor an dul chun cinn atá déanta go dtí seo sna Ballstáit chun na leibhéil cur amú bia a laghdú go suntasach mar a gealladh.
Trí spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí a leagan síos mar atá molta ag an gCoimisiún Eorpach do na Ballstáit, cuideofar chun an cur amú bia a laghdú feadh shlabhra an tsoláthair bia agus i dteaghlaigh. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh, agus ag an am céanna ligtear dóibh na bearta is éifeachtaí a roghnú de réir a riachtanas sonrach.
Ní mór do na Ballstáit cur amú bia a laghdú ar an leibhéal náisiúnta (in 2030 i gcomparáid le 2020):
- faoi 30% (per capita) i gcomhpháirt i réimse an mhiondíola agus an tomhaltais (bialanna, seirbhísí bia agus teaghlaigh);
- faoi 10% i réimse an phróiseála agus an mhonaraithe.

Dearcadh na saoránach
Chuir an Painéal Saoránach a thionóil an Coimisiún Eorpach 23 mholadh ar aghaidh, inar leagadh béim ar an ngá atá le cur chuige leathan a ghlacadh, ina mbeadh na gníomhaithe uile rannpháirteach agus ina neartófaí an comhar ar fud shlabhra an tsoláthair bia.
Tá Tuarascáil ó na Saoránaigh, ina bhfuil an tsraith iomlán de mholtaí an phainéil, le fáil i rannán na ndoiciméad thíos. Foilsíodh é in éineacht leis an togra reachtach ón gCoimisiún. Is é an chéad rannchuidiú nithiúil struchtúrtha ó shaoránaigh é i dtaca le tionscnaimh pholaitiúla agus reachtacha Eorpacha a fhorbairt, rud a d’eascair as a eascraíonn as cleachtadh ar an daonlathas rannpháirtíochta.
Cuirtear i láthair sna moltaí trí phríomhlíne ghníomhaíochta a bhfuil sé d’aidhm leo comhar sa slabhra luacha bia a neartú, tionscnaimh ghnó bia a spreagadh, agus tacú le hathrú iompraíochta tomhaltóirí.

Orthu sin tá an méid seo a leanas:
- Laghdú ar an gcur amú bia a cheangal le slabhra soláthair bia atá cóir agus cothrom lena gcinntítear dlúthpháirtíocht agus comhar idir gníomhaithe, agus sásraí i bhfeidhm chun athdháileadh barrachais bia orthu siúd atá i ngátar a éascú.
- An gá atá ann go leagfadh an tAontas sprioc uileghabhálach síos chun an cur amú bia a laghdú, agus bearta á ndéanamh ag na Ballstáit chun a chinntiú go mbainfear an sprioc amach trí chur chuige fianaise-bhunaithe a leanúint chun an dul chun cinn a dhéanfar a threorú agus monatóireacht a dhéanamh air.
- An ról lárnach atá ag an oideachas chun tuiscint agus léirthuiscint a chothú ar luach an bhia ó aois óg.
Cad é an chéad chéim eile?
Leanfaidh toradh an Phainéil Saoránach de thacaíocht a thabhairt d’obair uileghabhálach an Choimisiúin i dtaca le cur amú bia.
- Mar shampla, dheimhnigh na saoránaigh agus thacaigh siad leis an ngá atá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun cur amú bia a chosc agus mhol siad sonraí agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc páirtithe leasmhara ábhartha. Ina theannta sin, is tomhaltóirí iad na saoránaigh, agus dá bhrí sin tá tacaíocht uathu chun a gcuid cinntí feasacha féin a dhéanamh maidir le conas bia a ithe agus a úsáid i ndáil le dátaí ‘éagtha’ agus dátaí ‘ar fearr roimhe’.
- Léirítear sna moltaí ó na saoránaigh freisin pointí le tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu, mar shampla, bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar bharrachas bia shábháilte a scriosadh. Réimse eile oibre breise is ea taighde ar phacáistíocht nuálach agus inbhuanaithe, rud a cuireadh i dtábhacht sna moltaí.
- Nochtadh sna moltaí freisin réimsí áirithe ina bhféadfaí gníomhaíocht a dhéanamh amach anseo ar thaobh an Choimisiúin, na mBallstát agus páirtithe eile, mar shampla, an gá atá le feabhas a chur ar fhor‑rochtain agus ar rannpháirtíocht le saoránaigh ar fud an Aontais.
Rud atá tábhachtach, beidh toradh an Phainéil ina threoir chun cabhrú leis na Ballstáit na spriocanna a bhaint amach.
I bhfianaise an mhéid sin, d’iarr na saoránaigh go mbunófaí fóraim rannpháirtíochta do shaoránaigh áitiúla agus náisiúnta chun cabhrú go gníomhach le cur amú bia a laghdú ar an láthair.
An 7 Samhain 2023 chuir an Coimisiún Eorpach aiseolas ar fáil do na saoránaigh i dtaca lena moltaí, aiseolas a roinneadh agus a pléadh freisin le hArdán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia, rud a thug na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara le chéile d’fhonn iad a mheas i gcláir náisiúnta chun cur amú bia a chosc.

Cur amú bia: cad atá i gceist?
23 mholadh chun dlús a chur le laghdú an chur amú bia san Aontas
Sa lá atá inniu ann, tá níos mó ná 37 mhilliún saoránach den Aontas ann nach féidir leo íoc as béile ceart gach dara lá, agus is ábhar imní iad na praghsanna arda atá ar bhia. Ní hamháin gur fadhb eacnamaíoch eiticiúil é an cur amú bia, ach géaraíonn sé an t-athrú aeráide agus ídíonn sé acmhainní nádúrtha teoranta an chomhshaoil. An dóigh chun gníomhaíocht bhreise a spreagadh agus chun dlús a chur le laghdú an chur amú bia san Aontas, ba é sin ábhar na chéad ghlúine de na painéil saoránach nua san obair leantach ar an gComhdháil maidir le todhchaí na hEorpa, chun cur go gníomhach le próiseas ceaptha beartas an Aontais.
Tar éis 3 dheireadh seachtaine den phlé, tá na saoránaigh Eorpacha ar an bpainéal tar éis a gcuid oibre a chur i gcrích. Cuireadh 23 mholadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le trí bhealach gníomhaíochta, darb aidhm an méid seo a leanas a dhéanamh: an comhar sa slabhra luacha bia a neartú, tionscnaimh ghnó bia a spreagadh agus tacú le hiompar tomhaltóirí a athrú.

Tacaíonn na moltaí ó na saoránaigh le hobair an Choimisiúin i dtaca leis an gcur amú bia, an togra reachtach atá ar na bacáin chun spriocanna laghdaithe an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a leagan síos ina measc. Foilsíodh tuarascáil ar an bplé, mar thoradh an phainéil, in éineacht leis an togra ón gCoimisiún. Moltar na spriocanna maidir le cur amú bia a laghdú mar chuid d’athbhreithniú spriocdhírithe ar an ‘Treoir Réime Dramhaíola’ lena dtugtar aghaidh ar chur amú teicstíle agus bia araon. Déanfar moltaí na saoránach a roinnt agus a phlé a thuilleadh le hArdán an Aontais Eorpaigh maidir le Caillteanas Bia agus Cur Amú Bia, ardán a thabharfaidh na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara le chéile.
Tá an tsraith iomlán moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Amlíne
Bhí seisiúin an phainéil um chur amú bia ar siúl idir mí na Nollag 2022 agus mí Feabhra 2023.
- 16-18 Nollaig 2022Seisiún 1 – an Bhruiséil
B’éigean don chéad seisiún smaointe a chruthú, agus na cineálacha cur chuige ab fhearr leis na saoránaigh chun tuilleadh plé a dhéanamh orthu, iad sin a fhorbairt agus a ghrúpáil.
- 20–22 Eanáir 2023Seisiún 2 – ar líne
Reáchtáladh an dara seisiún ar líne ón 20-22 Eanáir 2023. Dréachtaíodh na moltaí tosaigh, bunaithe ar na cineálacha cur chuige a comhaontaíodh ag an gcéad seisiún chun cur amú bia a laghdú. Rinne na saoránaigh smaointe a fhorbairt maidir le trí thopaic éagsúla
- Comhar sa slabhra luacha bia – Ón bhfeirm go dtí an forc
- Tionscnaimh ghnó bia
- Tacú le hathrú iompraíochta i measc tomhaltóirí.
- 10–12 Feabhra 2023Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
Sa seisiún deiridh sa Bhruiséil an 10–12 Feabhra 2023, cuireadh conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí na bpainéal, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá liosta deiridh na moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Cén dóigh is féidir cur amú bia a laghdú ar bhealach níos éifeachtaí?
Dearcadh na saoránach.
Rinne na saoránaigh moltaí a phlé agus a fhorbairt maidir leis na gníomhaíochtaí ba cheart don Aontas, do na 27 mBallstát, do na saoránaigh agus do gheallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí eile a dhéanamh, d’fhonn dlús a chur leis na hiarrachtaí chun cur amú bia a laghdú.
Baineann trí bhua leis an gcomhrac i gcoinne cur amú bia
- bia a choigilt lena chaitheamh ag an duine
- cuidiú le feirmeoirí, le cuideachtaí agus le tomhaltóirí airgead a choigilt
- an tionchar atá ag táirgeadh agus caitheamh bia ar an gcomhshaol
a laghdú
Cén toradh a bhí ar an bpainéal?
Tá liosta moltaí curtha ar fáil ag an bpainéal chun tacú le hobair an Choimisiúin maidir le cur amú bia, lena n-áirítear togra reachtach chun spriocanna laghdaithe an Aontais a leagan síos maidir le cur amú bia. Chuir an painéal treoraíocht ar fáil freisin chun cabhrú leis na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach.
Tá easpa eolais ann maidir le dramhaíl. Ní ar an tomhaltóir amháin atá an locht. Caithfimid réitigh a aimsiú. Is tomhaltóirí sinn go léir, i ndeireadh na dála.
Food waste panel group pictureFood waste panel group picture Citizen pannel - People talking 3Citizen pannel - People talking 3 Citizens panel dotsCitizens panel dots food waste panel votingfood waste panel voting food waste panel Suicafood waste panel Suica food waste session 1food waste session 1 food wastefood waste food waste panel citizensfood waste panel citizens food waste panel participantsfood waste panel participants Citizens panelCitizens panel food waste panel participantfood waste panel participant food waste panel participantsfood waste panel participants food waste panel participantfood waste panel participant Citizens panel speechCitizens panel speech Citizens panel speechCitizens panel speech food waste openingfood waste opening