Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an athléimneacht dhaonlathach - cad chuige?
Tá brú ar dhaonlathais na hEorpa a bhfuil méadú ag teacht air, ó theannas geopholaitiúil agus athrú tapa teicneolaíoch go polarú agus laghdú ar mhuinín agus ar rannpháirtíocht an phobail. Tá saorthoghcháin chóra, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, na meáin, iriseoirí agus an tsochaí shibhialta faoi bhagairt níos mó ná riamh freisin.
Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar an daonlathas a bhfuil méadú ag teacht orthu, chuir an Coimisiún Eorpach an Sciath Eorpach don Daonlathas i láthair in 2025, in éineacht le bearta nithiúla chun an daonlathas a chumhachtú agus a neartú ar fud an Aontais.
Mar chuid den iarracht níos leithne sin, tiocfaidh 150 saoránach le chéile a roghnaíodh go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát an Aontais chun plé a dhéanamh ar na príomhcheisteanna seo a leanas:
- Conas is féidir linn ár ndaonlathais a dhéanamh níos láidre agus níos athléimní, i dteannta a chéile?
- Agus do thaithí féin agus an Sciath Eorpach don Daonlathas mar dhúshraith, cad ba cheart don Aontas a dhéanamh ionas gur féidir linn go léir páirt a ghlacadh sa daonlathas ina mairimid agus é a mhúnlú?

An méid ar féidir a bheith ag súil leis ón bPainéal Saoránach
Tá níos mó i gceist leis an athléimneacht dhaonlathach ná dlíthe, institiúidí agus teicneolaíochtaí. Baineann sí freisin le heispéiris laethúla daoine: an chaoi a dtagann siad ar eolas agus a ndéanann siad é a mheas, an chaoi a ndéanann siad teagmháil lena chéile, an chaoi a dtugann institiúidí den Aontas Eorpach, rialtais náisiúnta agus údaráis áitiúla aird ar a dtuairimí, an chaoi a bhfuil muinín acu as an díospóireacht phoiblí agus an chaoi a bhfuil fíordheiseanna acu todhchaí an daonlathais agus a dtodhchaí féin a mhúnlú. Sin é an fáth ar mian leis an gCoimisiún Eorpach cloisteáil go díreach ó shaoránaigh ar fud na hEorpa.
Le linn trí sheisiún, déanfaidh na rannpháirtithe plé ar a bhféadfadh cabhrú le saoránaigh agus le pobail páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus athléimneacht na sochaí a neartú. Gheobhaidh na rannpháirtithe an t-eolas, an treoir agus an tacaíocht teanga a theastaíonn uathu chun na saincheisteanna a thuiscint agus chun páirt iomlán a ghlacadh sa phlé.
Faoi dheireadh an phróisis, forbróidh an Painéal sraith moltaí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh chun cur go díreach le hobair an Choimisiúin chun an daonlathas a neartú, obair arb é an Sciath Eorpach don Daonlathas an dúshraith a bheidh fúithi.
Amlíne
Beidh an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an Athléimneacht Dhaonlathach ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2026.
- 18-20 Meán FómhairSeisiún 1 – an Bhruiséil
- Tuiscint a fháil ar ábhar na hathléimneachta daonlathaí agus ar a bhfuil i gceist léi sa saol laethúil.
- Na príomhdhúshláin a shainaithint ar cheart don Phainéal díriú orthu.
- 16-18 Deireadh FómhairSeisiún 2 – ar líne
- Cur leis an bplé ó Sheisiún 1 agus féachaint ar na rudaí a d’fhéadfadh cabhrú le daoine agus le pobail páirt a ghlacadh sa saol daonlathach agus athléimneacht a neartú.
- Tús a chur le moltaí a fhorbairt de réir na dtosaíochtaí a shainaithin an Painéal.
- 20-22 SamhainSeisiún clabhsúir – an Bhruiséil
- Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus moltaí deiridh a dhéanamh de na smaointe don Choimisiún Eorpach.
- Míniú ar na chéad chéimeanna eile – conas a úsáidfear na moltaí le haghaidh ceapadh beartas?
Cad is athléimneacht dhaonlathach ann?
Braitheann an daonlathas, is é sin rialú ag na daoine agus ar son na ndaoine, ar shaoránaigh a bheith in ann páirt fhóinteach a ghlacadh ann. Mar sin féin, tá cineálacha éagsúla brú ar dhaonlathais an lae inniu a d’fhéadfadh a chur ina luí ar dhaoine nach bhfuil siad chomh heolach céanna, nach bhfuil siad nasctha agus nach dtugtar aird ar a dtuairimí.
Sa ghnáthchaint, is éard a chiallaíonn athléimneacht dhaonlathach cumas an daonlathais, cuir i gcás a institiúidí, an tsochaí shibhialta, saoránaigh agus pobail, ullmhú do bhagairtí nó do ghéarchéimeanna, iad a sheasamh agus téarnamh uathu, agus saorthoghcháin, an smacht reachta, cearta bunúsacha agus cumas daoine páirt a ghlacadh sa saol poiblí á gcoinneáil an tráth céanna.
Ní féidir le rialtais ná le hinstitiúidí an athléimneacht dhaonlathach a fhorbairt ina n-aonar. Teastaíonn saoránaigh agus pobail freisin. Tugann an Painéal Saoránach Eorpach deis do shaoránaigh ó gach cearn den Aontas cur leis an iarracht chomhroinnte sin agus cuidiú chun gníomhaíocht Eorpach a bheidh ann amach anseo maidir leis an athléimneacht dhaonlathach a mhúnlú.

