In 2025 tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh buiséad Eorpach nua. Is deis é seo chun teacht ar chomhaontú maidir le buiséad Eorpach láidir nua-aimseartha a bheidh oiriúnach dár n-uaillmhianta.
Cén fáth a bhfuil an fuath sa tsochaí á phlé againn?
Is mór an chúis imní é an méadú atá ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht san Eoraip inniu. Ní hamháin go mbíonn tionchar díreach ag an bhfuath ar na daoine aonair, ar na grúpaí agus ar na pobail a ndírítear orthu go díreach, ach is féidir leis daoine a dheighilt agus cur isteach ar phlé daonlathach chomh maith.
Is éard a chiallaíonn gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh níos mó coigiltis fuinnimh agus billí níos ísle do chách. Mar chuid de sin, d’fhéadfá níos lú fuinnimh a chaitheamh chun an níochán a dhéanamh a bhuí le meaisín níocháin atá níos éifeachtúla, d’fhéadfadh údaráis áitiúla foirgnimh phoiblí a athchóiriú, nó d’fhéadfadh cuideachtaí móra trealamh níos éifeachtúla a shuiteáil.