Conclúidí na díospóireachta i dtaca le hUllmhacht
Tar éis na míonna de phlé agus ionchur luachmhar ó shaoránaigh ar fud an Aontais, tá an díospóireacht i dtaca le hullmhacht críochnaithe anois. Gabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a chuir smaointe, taithí agus dearcthaí ar fáil maidir le hathléimneacht na hEorpa i leith géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a neartú.
Bailíodh tuairimí sa díospóireacht maidir le freagairt ar dhúshláin, cuir i gcás tubaistí aeráide, paindéimí agus bagairtí geopholaitiúla. Bhí na haighneachtaí sin mar bhonn eolais d’obair an Phainéil Saoránach Eorpach um Ullmhacht agus tacóidh siad le tionscnaimh beartais an Choimisiúin, an Straitéis um Aontas na hUllmhachta ina measc.
Na chéad chéimeanna eile agus an obair leantach
Na haighneachtaí a chuirfear isteach, múnlóidh siad an chéad chéim eile den obair sin, agus beidh tuarascáil chríochnaitheach ar thorthaí na díospóireachta ar fáil go luath i rannán na ndoiciméad thíos.

Ullmhacht - cad atá i gceist?
Ós rud é go bhfuil tubaistí níos déine agus níos minice ná riamh romhainn, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tAontas agus muintir na hEorpa réidh chun réamh-mheas a dhéanamh, chun ullmhú, chun oiriúnú agus chun freagairt go héifeachtach.
Baineann ullmhacht le géarchéimeanna a thuar agus céimeanna praiticiúla a ghlacadh sula dtarlaíonn tubaistí. Is éard atá i gceist leis gníomhaíocht a dhéanamh go luath, foghlaim faoi rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus oibriú le chéile chun a dtionchar a mhaolú.
Tugann ullmhacht an daonra le tuiscint go bhfuil ról ríthábhachtach ag saoránaigh ó thaobh sochaithe athléimneacha a thógáil. Ní mór dóibh a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha in ullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna, agus ní mór do gach cuid den tsochaí a bheith rannpháirteach.

An ullmhacht a neartú
Is freagracht chomhroinnte í ullmhacht an daonra. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ról ríthábhachtach ag údaráis phoiblí, na meáin, institiúidí oideachais, eagraíochtaí don óige agus don tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, gnólachtaí, líonraí áitiúla agus saoránaigh, ó aois óg.
Sin an fáth ar iarramar ar shaoránaigh na hEorpa a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas a chinntiú go mbeidh na beartais agus na gníomhaíochtaí cuimsitheach, éifeachtach agus ag teacht le riachtanais na saoránach.
Tá deireadh tagtha leis an díospóireacht ach is féidir leat na haighneachtaí go léir a fheiceáil go fóill.

Cén fáth a bhfuil seo de dhíth orainn?
Amlíne
- Eanáir - Bealtaine 2026Aighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, déanann siad trácht orthu agus tacaíonn siad leo.
- Márta – Bealtaine 2026An Painéal Saoránach Eorpach
Cuireann ionchur na saoránach leis an bPainéal. Déanann an Painéal díospóireachtaí agus cuireann sé moltaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.
- Meitheamh – Nollaig 2026Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le moltaí an Phainéil Saoránach
Obair leantach ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ionchur ar an Ardán agus leis na moltaí ón bPainéal.
- Earrach 2027Aiseolas ar an toradh
Na gníomhaíochtaí beartais a chur in iúl do na saoránaigh, bunaithe ar a n-ionchur agus ar a moltaí.

