Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
Buiséad nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta

An Painéal Saoránach Eorpach

Cuidíonn saoránaigh chun buiséad fadtéarmach an Aontais a mhúnlú

Is iad seo a leanas samplaí den chaoi a léiríonn an togra moltaí na saoránach:

  • Buiséad an Aontais a dhéanamh níos solúbtha
    Molann an Coimisiún struchtúr níos solúbtha chun go mbeifear in ann maoiniú a imscaradh agus a athdháileadh, rud a chuirfidh feabhas ar freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna.
  • Tacú le réigiúin agus le pobail
    Le Pleananna Comhpháirtíochta Náisiúnta agus Réigiúnaí nua, cuirfear tacaíocht an Aontais in oiriúint do riachtanais áitiúla, i gcomhréir le héilimh na saoránach go mbeadh comhtháthú réigiúnach níos fearr ann.
  • Tús áite a thabhairt d’oideachas agus do scileanna
    Ag teacht le tosaíochtaí na saoránach maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, cuireann an togra borradh faoi chistiú Erasmus+ agus leathnaíonn sé an tacaíocht do dheiseanna athscilithe agus uas-scilithe ar feadh an tsaoil.
  • An tAontas Eorpach um an gCosaint a neartú agus an tslándáil agus ullmhacht dhigiteach a neartú
    Cuimsítear sa togra níos mó infheistíochta sa chosaint, sa chibearshlándáil, agus sa bhonneagar digiteach chun Eoraip shlán cheannasach a chinntiú.

Eolas faoin bPainéal

Cad é an chéad rud eile a tharlóidh?

Ní mór do na 27 mBallstát an buiséad atá beartaithe a fhormheas d’aon toil anois i gComhairle an Aontais Eorpaigh agus teastaíonn toiliú ó Pharlaimint na hEorpa ina leith freisin. De réir mar a dhéantar dul chun cinn i dtaca leis an gcaibidlíocht, leanfaidh moltaí an Phainéil Saoránach Eorpach de bheith ina bpríomhthagairt chun buiséad a mhúnlú a léiríonn tosaíochtaí shaoránaigh an Aontais. Tá tuilleadh eolais le fáil i mbileoga eolais an Choimisiúin maidir le buiséad 2028-2034 an Aontais.

Imeacht aiseolais

Chun trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú, reáchtáladh imeacht aiseolais i mí Feabhra 2026 do na saoránaigh a bhí ar an bpainéal chun éisteacht leis an gcaoi a bhfuil a moltaí á gcur i bhfeidhm i dtionscnaimh bheartais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Féach ar thaifeadadh den imeacht

Amlíne

Reáchtáladh an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an mbuiséad Eorpach nua thar thrí dheireadh seachtaine idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2025.

  1. 28-30 Márta
    Seisiún 1 – an Bhruiséil
    • Malartú na chéad smaointe is mó a bhfuil gealladh fúthu don chleachtadh seo dar leis na rannpháirtithe
    • Réamhrá ar an mbuiséad nua Eorpach.  

      Taifeadtaí:  28 Márta 2025   |  30 Márta 2025

  2. 25-27 Aibreán
    Seisiún 2 – ar líne
    • Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus forbairt smaointe de réir téama agus ábhair.
    • An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt.

      Taifeadtaí: 25 Aibreán 2025  | 27 Aibreán 2025

  3. 16-18 Bealtaine
    Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
    • Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach.
    • Míniú ar na chéad chéimeanna eile – an tionchar ar cheapadh beartas.

      Taifeadtaí:  16 Bealtaine 2025   |  18 Bealtaine 2025

       

An buiséad Eorpach: Cad é atá i gceist?