Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
Buiséad Eorpach nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta

An ceann feadhna taobh thiar de ghníomhaíocht Eorpach

Cén fáth a bhfuil an buiséad Eorpach á phlé againn?

Conas is féidir liom páirt a ghlacadh sa phlé uile-Aontais maidir leis an mbuiséad nua?

Conas a dhéanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na smaointe a bhaileofar?

Is mian linn do thuairimí a fháil chun cabhrú linn an buiséad a bheidh ag an Aontas amach anseo a shainiú. Is ríthábhachtach do chuid léargas chun a chinntiú go bhfreastalóidh an buiséad Eorpach ar riachtanais agus go gcruthóidh sé athrú fiúntach.

Cuirfidh an Coimisiún an méid a phléifear ar an Ardán san áireamh agus an togra le haghaidh an bhuiséid Eorpaigh nua á ullmhú. 

Amlíne

  1. Feabhra - Bealtaine
    Plé ar líne

    Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, déanann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu, trí aighneachtaí aonair nó mar thoradh ar obair chomhchoiteann, mar shampla i bhfoirm imeacht rannpháirtíochta. 

  2. Márta - Bealtaine
    Painéal na Saoránach

    Cuireann aighneachtaí ar líne le plé painéal agus ar deireadh, le ceapadh beartas na hEorpa.

  3. Iúil
    Togra

    Foilsíonn an Coimisiún an togra le haghaidh an bhuiséid Eorpaigh nua. 

An buiséad Eorpach: Cad atá ag braith air?

Baineadh an méid seo a leanas amach a bhuí leis an tacaíocht a cuireadh ar fáil ón mbuiséad Eorpach: 

  • seachnaíodh 87 milliún tona de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana. 
  • ghlac 16 mhilliún duine páirt in Erasmus ó bunaíodh é in 1987.
  • bhain 5.8 milliún feirmeoir tairbhe as tacaíocht airgeadais dhíreach ón gComhbheartas Talmhaíochta in 2022. 
Buiséad Eorpach nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta

An ceann feadhna taobh thiar de ghníomhaíocht Eorpach

Comhairliúchán Poiblí Ar Líne

Chomh maith le do thuairimí a chur in iúl mar chuid den phlé ar an Ardán, is féidir leat páirt a ghlacadh freisin sna comhairliúcháin phoiblí oscailte leanúnacha ar an ábhar seo.

Féach anseo.

 

Tabhair cuireadh do do chairde páirt a ghlacadh sa phlé