Tabhairt i gcrích na díospóireachta maidir leis an gcothroime idirghlúine

Seoladh an díospóireacht chun tacú le Straitéis um Chothroime Idirghlúine a cheapadh agus is céim shuntasach chun cinn í sa phróiseas sin.
Phléigh rannpháirtithe ó gach cearn den Aontas le raon ábhar a bhaineann le cothroime idirghlúine, ó chomhtháthú sóisialta, daonlathas agus rialachas go hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch, chomh maith le córais chúraim agus oideachais.
Léirítear sa díospóireacht an gá atá le hEoraip níos cothroime, níos inbhuanaithe agus níos comhtháite a thacaíonn le gach glúin chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a bhaineann le cothroime idirghlúine a bhaint amach.
Conas a dhéanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na smaointe a bhaileofar?
Anois agus an díospóireacht tugtha chun críche, cuideoidh na smaointe a chuir saoránaigh isteach ar an Ardán chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile. Tá do chuid léargas ríthábhachtach chun a chinntiú go gcuirfear cothroime idirghlúine san áireamh agus an straitéis á cur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach.
Féach leat an díospóireacht agus na himeachtaí i dtaca le cothroime idirghlúine a bhí ar siúl gar duit agus ar líne, agus a thug deis do shaoránaigh páirt a ghlacadh i bplé agus i ngníomhaíochtaí.
Tá torthaí na díospóireachta le fáil sa tuarascáil chríochnaitheach i rannán na nDoiciméad thíos.
Cothroime idirghlúine: cad atá i gceist?

Is tráth ríthábhachtach é seo sa stair ina bhfuil níos mó glúnta ná riamh ann ag an am amháin. I bhfianaise na ndúshlán aeráide, eacnamaíoch agus déimeagrafach atá romhainn, tá sé ríthábhachtach nach bhfágfar aon ghlúin ar lár – bíodh sin glúnta an lae inniu nó na glúnta atá le teacht.
Tá baint againn go léir idir óg agus aosta leis an méid atá i ndán dúinn sa todhchaí agus le cuma na todhchaí sin. Is amhlaidh atá i gcás na nglúnta atá le teacht – iad siúd nár rugadh go fóill.
Sin an fáth ar cheart an oiread saoránach de chuid an Aontais agus is féidir a bheith in ann a dtuairimí a chur in iúl faoin lá atá inniu ann agus faoin am atá le teacht.
Tá sé de cheart ag saoránaigh de gach aois agus de gach glúin maireachtáil i ndomhan atá glan rathúil cothrom.
Má ghníomhaímid anois, le chéile, is féidir linn an todhchaí sin a bhaint amach.
Amlíne
Ó mhí Feabhra go mí na Samhna 2025, rinneadh an straitéis a cheapadh, i gcomhar leatsa:
- Feabhra – AibreánRaon feidhme a leagan amach
Conas a thuigtear an chothroime idirghlúine? Cad iad na tionscnaimh atá ann cheana?
- Meitheamh – IúilCruthú físe
Cén chuma a bheidh uirthi, dar linn? Cad chuige?
- Lúnasa – Deireadh FómhairSmaointe straitéise
Cad iad na smaointe, na luachanna, na riachtanais agus na gníomhaíochtaí is tábhachtaí?
- Deireadh Fómhair – SamhainComhchruthú straitéise
Cá bhfuil ár dtriall? Cén bealach ar cheart dúinn a leanúint?
An chéim scóipe: achoimre ar léargais agus smaointe
Tá áthas orainn an dul chun cinn a rinneadh le linn na céime scóipe a chomhroinnt, trínar shainaithníomar na bunchúiseanna atá leis na saincheisteanna atá ag dul i méid maidir leis an gcothroime idirghlúine, mar aon le réimsí tráthúla le haghaidh gníomhaíochta. Tá torthaí na céime scóipe, chomh maith leis an anailís ar aighneachtaí a cuireadh isteach mar chuid di, le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Cruthú físe: todhchaí a shamhlú atá cothrom do na glúnta go léir
Le linn na céime físe, d’iarramar ort an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar thodhchaí atá cothrom do na glúnta go léir a shamhlú. Comhroinn tú do chuid físeanna maidir le nascadh le daoine d’aoiseanna éagsúla agus naisc a chruthú leis na glúnta a chuaigh thart agus leis na glúnta atá le teacht. Le cabhair ó scríbhneoirí liteartha, bainfimid úsáid as d’aighneachtaí chun scéalta spreagúla a chumadh faoi thodhchaí níos cothroime. Beidh torthaí na céime sin ar fáil go luath, mar sin coinnigh súil amach.
Smaointe straitéise: an méid is féidir linn a dhéanamh chun ár bhfíseanna a fhíorú
Ba le ‘smaointe straitéise’ a bhain an chéim seo den phróiseas. Rinne muid machnamh ar na príomhsmaointe agus na príomhghníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh chun na físeanna a d’fhorbraíomar agus a roinneamar i dteannta a chéile a bhaint amach.
Comhchruthú straitéise: Saoránaigh chun tosaigh
Sa chéim dheireanach sin, d’iarr muid ar na saoránaigh a bhí rannpháirteach sa Phainéal Saoránach Eorpach maidir le Cothroime Idirghlúine cur leis an obair a rinneadh sna céimeanna roimhe seo agus smaointe nua a thabhairt isteach agus féachaint ar réimsí nua nach mór aird a thabhairt orthu ag an am céanna. Cuireadh fís chomhchoiteann, tosaíochtaí agus moltaí na saoránach san áireamh sa mhachnamh leanúnach a bhaineann le dréachtú na Straitéise um Chothroime Idirghlúine.
Cén fáth a bhfuil seo de dhíth orainn?
An raibh a fhios agat?
- Creideann níos lú ná leath de mhuintir na hEorpa go bhfuil an tsochaí cothrom agus comhionann (foinse: Eorabharaiméadar – 2022)
- Tá leibhéil sástachta saoil níos airde ar an iomlán ag tíortha ina bhfuil neamhionannais níos ísle a bhaineann le haois (foinse: ECFE – 2020)
- Tá leibhéil níos airde muiníne ag rialtais a bhaineann cothromaíocht amach idir riachtanais agus leas na nglún atá ann faoi láthair agus na nglún atá le teacht (foinse: ECFE – 2023)

