Laying the groundwork for concrete action
On Thursday, 1 February 2024, citizens of the European Citizens Panel on Virtual Worlds reunited for an online feedback event. Commission Representatives explained the ongoing impact of the Panel’s recommendations - laying the groundwork for concrete action and generating international interest. In particular, several Panel recommendations were reflected in the July 2023 communication “An EU initiative on Web 4.0 and virtual worlds: a head start in the next technological transition”.
Click the link below to view the recording of the feedback event, and see for yourself how the European Commission has taken citizens' recommendations into account.
23 mholadh do dhomhain fhíorúla atá cothrom agus dírithe ar an duine san Aontas Eorpach
Idir an 21 agus an 23 Aibreán, d’óstáil an Coimisiún an seisiún deiridh den Phainéal Saoránach Eorpach um Dhomhain Fhíorúla sa Bhruiséil, seisiún a chuir ar chumas na saoránach moltaí a dhéanamh i dtaca leis na luachanna agus na gníomhaíochtaí is gá chun domhain fhíorúla Eorpacha a chruthú atá tarraingteach agus cothrom. Tacóidh na moltaí sin le hobair an Choimisiúin ar an saol fíorúil agus ar thodhchaí an idirlín.
Tar éis trí dheireadh seachtaine de phléití, rinne na saoránaigh 23 mholadh maidir le hionchais na bprionsabal agus na ngníomhaíochtaí lena chinntiú go mbeidh domhain fhíorúla san Aontas cothrom agus ábhartha do na saoránaigh. Tá na moltaí sin bunaithe ar ocht luach agus prionsabal, is iad sin: saoirse rogha, inbhuanaitheacht, duine-lárthacht, sláinte, oideachas, sábháilteacht agus slándáil, trédhearcacht agus cuimsiú.
Tá tionscnamh nua maidir le domhain fhíorúla á ullmhú ag an gCoimisiún faoi láthair, ina leagfar amach fís na hEorpa i gcomhréir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha na hEorpa. Díreoidh an tionscnamh atá le teacht ar conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha, cothóidh sé nuálaíocht i réimse an ghnó, agus réiteoidh sé an bealach don aistriú chuig Web 4.0.
Chomh maith leis an bpainéal saoránach, sheol an Coimisiún glao ar aighneachtaí chun deis a thabhairt do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an ábhar. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh go dtí an 3 Bealtaine.
Tá an tsraith iomlán moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Cén fhís agus cé na prionsabail agus na gníomhartha is ceart a bheith mar threoir agus domhain fhíorúla atá inmhianaithe cothrom á bhforbairt?
Tá cuid mhór daoine ann a chreideann go bhféadfadh teacht chun cinn na ndomhan fíorúil, ar a dtugtar ‘meiteachruinní’ freisin, a bheith chomh suntasach céanna le teacht chun cinn an idirlín, agus go gcuirfidh siad athrú ó bhonn ar an mbealach a n-oibreoimid agus a rachaimid i dteagmháil le chéile sa todhchaí. Le cúpla bliain anuas – agus go háirithe ó phaindéim COVID-19 i leith – tá infheistíocht ollmhór á déanamh ag neart gníomhaithe poiblí agus príobháideacha sna réaltachtaí leathnaithe agus breisithe sin, mar a thugtar orthu, rud atá ag cur dlús le hathruithe inár n-ionaid oibre agus inár nósanna laethúla.
In ainneoin an mhéadaithe atá tagtha ar an aird ar na domhain fhíorúla, ní thar oíche a tharlóidh athrú mór den chineál sin. Tógfaidh sé blianta forbairt a dhéanamh ar na domhain fhíorúla le go mbeidh siad ina dtimpeallacht dhigiteach réalaíoch ar ardchaighdeán, agus níl aon léargas soiléir ann fós ar an gcuma a bheidh ar na meiteachruinní nó cad ba cheart a bheith iontu.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta leas a bhaint as acmhainneacht an mhórathraithe sin agus na deiseanna a ghabhann leis a thuiscint, ach ag an am céanna na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann leis a thuiscint freisin, agus cearta shaoránaigh na hEorpa a chosaint lena linn. Dá bhrí sin, tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún Eorpach painéal saoránach a thionól chun moltaí a cheapadh ar mhaithe le domhain fhíorúla a fhorbairt.
Tá tuilleadh mionsonraí sa phacáiste eolais atá ar fáil sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Céard leis ar féidir linn a bheith ag súil ón bpainéal?
Is é an toradh a bhfuiltear ag súil leis ón bpainéal sraith treoirphrionsabal agus gníomhaíochtaí chun domhain fhíorúla a fhorbairt san Aontas, bunaithe ar thaithí, ar thuairimí agus ar mhianta na saoránach don todhchaí. Cuirfear na moltaí sin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh le go gcuirfear san áireamh iad i dtionscnamh ar an ábhar.
Amlíne
Beidh seisiúin phainéil na ndomhan fíorúil ar siúl idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2023.
- 24–26 Feabhra 2023Seisiún 1 – an Bhruiséil
Sa chéad seisiún, chuir na rannpháirtithe fís choiteann le chéile maidir leis an gcuma is ceart a bheith ar dhomhain fhíorúla atá inmhianaithe cothrom.
Féach an achoimre ar an seisiún sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Taifeadtaí: 24 Feabhra 2023 | 26 Feabhra 2023
- 10-12 Márta 2023Seisiún 2 – ar líne
Sa dara seisiún, rinne na rannpháirtithe luachanna agus prionsabail a shainaithint, a phlé agus a chur in ord tosaíochta, ar luachanna agus prionsabail iad ba cheart a bheith mar threoir agus domhain fhíorúla á bhforbairt, agus thosaigh siad ar iniúchadh a dhéanamh ar réimsí gníomhaíochtaí chun an fhís sin a fhíorú.
Is féidir teacht ar an gclár oibre mionsonraithe sa rannán ‘Doiciméid’ thíos.
Taifeadtaí: 10 Márta 2023 | 13 Márta 2023
- 21–23 Aibreán 2023Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
Sa seisiún deiridh, cuireadh conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí na bpainéal, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá liosta deiridh na moltaí le fáil i rannán na ndoiciméad thíos.
Taifeadtaí: