Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
An Fuath sa tSochaí a chomhrac

An Painéal Saoránach Eorpach

Together, tackling hatred in society

Thar thrí dheireadh seachtaine, chuaigh 150 saoránach den Aontas a roghnaíodh go randamach i mbun plé maidir le conas dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí. An toradh: In ainneoin gur téama íogair atá ann agus an baol go mbeadh mothúcháin agus deighiltí láidre ann, bhí díospóireacht chuiditheach mheasúil ag na painéalaithe. An mian leat a fháil amach cén dóigh ar úsáid siad a gcuid léargas an-phearsanta chun 21 mholadh nithiúla a chruthú don Choimisiún Eorpach?
Féach anseo air!

Torthaí an Phainéil agus obair leantach

Tionscnaimh de chuid an Aontais de bhun Moltaí ó na Saoránaigh

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair ar roinnt tionscnamh mar fhreagairt ar na moltaí ó na saoránaigh agus chun feabhas a chur ar iarrachtaí an Aontais an fuath a chomhrac agus sochaí níos cuimsithí agus níos cothroime a thógáil. Seo roinnt samplaí den obair sin:  

I mí an Mheithimh 2025, beidh deis ag saoránaigh a ghlac páirt sa phainéal páirt a ghlacadh in imeacht aiseolais ina míneoidh an Coimisiún Eorpach conas a chuirfidh sé moltaí na saoránach i bhfeidhm trí na moltaí sin a leabú i dtionscnaimh bheartais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. 

An Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a chomhrac Na moltaí a rinneadh

Cad is féidir linn a dhéanamh faoin bhfuath agus conas is féidir linn an meas frithpháirteach a fheabhsú inár sochaithe?

Amlíne

Bhí an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a chomhrac ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir mí Aibreán agus mí na Bealtaine 2024

  1. 5-7 Aibreán
    Seisiún 1 – an Bhruiséil
    • Comhthuiscint ar an bhfuath a fhorbairt trí dhearcthaí agus teistiméireachtaí maidir leis an bhfuath a fhiosrú
    • Cúiseanna agus údair an fhuatha sa lá atá inniu ann a shainaithint
    • Plé a dhéanamh ar réimsí gníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann inar féidir dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí

    Taifeadtaí 7 Aibreán 2024

  2. 26-28 Aibreán
    Seisiún 2 – ar líne
    • Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus smaointe a bheachtú de réir téama agus ábhair
    • An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt

    Taifeadtaí 26 Aibreán 2024 | 28 Aibreán 2024

  3. 17-19 Bealtaine
    Seisiún clabhsúir – an Bhruiséil
    • Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach
    • Míniú ar na chéad chéimeanna eile – an tionchar ar cheapadh beartas agus tráth aiseolais

    Taifeadtaí 17 Bealtaine 2024 | 19 Bealtaine 2024