Eoraip athléimneach a chur ar bun
Cumas na hEorpa déileáil le géarchéimeanna amach anseo, cuir i gcás tubaistí aeráide, paindéimí, nó dúshláin gheopholaitiúla, braitheann sé ar ullmhacht láidir an daonra.
Sin an fáth ar sheol an Coimisiún Eorpach Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta, lena leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá saoránaigh agus ag eagraíochtaí áitiúla maidir le sochaí athléimneach a chur ar bun.
I mí an Mhárta ar aghaidh, tiocfaidh 150 saoránach a roghnófar go randamach ó gach ceann de 27 mBallstát den Aontas le chéile i bpainéal chun na príomhcheisteanna a phlé, is iad sin:
- Cén chaoi ar féidir gach saoránach Eorpach a chumhachtú agus a ullmhú níos fearr do ghéarchéimeanna?
- Cén chaoi a gcinnteoimid go mbeidh gníomhaíochtaí agus tionscnaimh Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta cuimsitheach éifeachtach agus go bhfreagróidh siad ar riachtanais na saoránach uile?

Céard leis ar féidir a bheith ag súil ón bPainéal Saoránach?
Beidh trí sheisiún mar chuid den phainéal ina roinnfidh na rannpháirtithe a dtaithí, a smaointe agus a ndearcthaí i dtaca le hullmhacht, rud a chuirfidh ionchur luachmhar ar fáil chun Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta a chur i bhfeidhm.
Trí phlé struchtúrtha, féachfaidh na rannpháirtithe ar thionscnaimh mar atá feasacht riosca, cumarsáid riosca agus straitéisí oideachais na saoránach, arb é is aidhm dóibh ullmhacht a neartú ar fud na mór-roinne.
Tacóidh saineolaithe, éascaitheoirí agus ateangairí leis an bplé chun tuiscint agus comhoibriú cuimsitheach a chinntiú. Faoi dheireadh, cuirfear fís chomhchoiteann agus sraith tosaíochtaí le chéile lena chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí cuimsitheacha fóinteacha éifeachtacha a chothú a bheidh ag teacht le riachtanais na saoránach.

Amlíne
Tionólfar an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hUllmhacht thar thrí dheireadh seachtaine idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2026.
- 20-22 MártaSeisiún 1 – an Bhruiséil
- Réamhrá maidir lena bhfuil i gceist le hUllmhacht.
- Na chéad smaointe is mó a bhfuil, dar leis na rannpháirtithe, gealladh fúthu.
- 24-26 AibreánSeisiún 2 – ar líne
- Athbhreithniú ar Sheisiún 1 agus forbairt smaointe de réir téama agus ábhair.
- An chéad chéim maidir le moltaí a fhorbairt.
- 22-24 BealtaineSeisiún clabhsúir – an Bhruiséil
- Teacht ar chonclúidí na ndíospóireachtaí agus na moltaí don Choimisiún Eorpach.
- Míniú ar na chéad chéimeanna eile – an tionchar ar cheapadh beartas.
Ullmhacht: Freagracht chomhchoiteann na hEorpa
Agus géarchéimeanna ag éirí níos minice agus níos déine, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tAontas agus muintir na hEorpa in ann ullmhú, oiriúnú agus freagairt go héifeachtach.
Is éard atá i gceist leis an ullmhacht bearta chun géarchéimeanna a réamh-mheas, luathghníomhaíocht, rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thuiscint, agus comhoibriú chun tionchair a mhaolú san áireamh.
Ach feasacht agus comhar a chothú idir an earnáil shibhialtach, an earnáil rialtais agus an earnáil phríobháideach, is féidir leis an Eoraip a hathléimneacht a neartú de réir mar a théann sí i ngleic le géarchéimeanna.
Pléifidh an painéal cultúr ullmhachta a fhorbairt trí thionscnaimh oideachais agus feasachta, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach a bheith ina gcéad fhreagróirí agus ina rannpháirtithe gníomhacha i mbainistiú géarchéimeanna.

Díreofar ar straitéisí a chuimsíonn gnéithe, mar atá sláinte, tacaíocht ón tsochaí shibhialta, agus litearthacht sna meáin, agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin atá roimh ghrúpaí leochaileacha agus ceannairí á bhforbairt i measc na bpobal.
Beidh sé ríthábhachtach ionchur an phainéil a ionchorprú i Straitéis an Aontais um Aontas na hUllmhachta chun an Eoraip a aistriú i dtreo ullmhacht agus athléimneacht mhéadaithe.

