Cad chuige ullmhacht a phlé?

Is í an ullmhacht cosaint na hEorpa ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo, cuir i gcás tubaistí aeráide agus comhshaoil, éagobhsaíocht gheopholaitiúil, paindéimí nó cibearbhagairtí.
Iarraimid ort smaoineamh ar d’fheasacht ar rioscaí agus ar an gcaoi a n-ullmhófá do ghéarchéim ó do dhearcadh féin, agus ó dhearcadh do phobail freisin.
Mar shampla:
- An mbraitheann tú go bhfuil tú ullamh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim a d’fhéadfadh a bheith ann?
- An bhfuil líonra tacaíochta ag do phobal áitiúil do shaoránaigh leochaileacha?
Ullmhacht - cad atá i gceist?

Ós rud é go bhfuil tubaistí níos déine agus níos minice ná riamh romhainn, tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tAontas agus muintir na hEorpa réidh chun réamh-mheas a dhéanamh, chun ullmhú, chun oiriúnú agus chun freagairt go héifeachtach.
Baineann ullmhacht le géarchéimeanna a thuar agus céimeanna praiticiúla a ghlacadh sula dtarlaíonn tubaistí. Is éard atá i gceist leis gníomhaíocht a dhéanamh go luath, foghlaim faoi rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, agus oibriú le chéile chun a dtionchar a mhaolú.
Tugann ullmhacht an daonra le tuiscint go bhfuil ról ríthábhachtach ag saoránaigh ó thaobh sochaithe athléimneacha a thógáil. Ní mór dóibh a bheith ina rannpháirtithe gníomhacha in ullmhacht agus freagairt i gcomhair géarchéimeanna, agus ní mór do gach cuid den tsochaí a bheith rannpháirteach.
Glac páirt sa díospóireacht ar líne

Is freagracht chomhroinnte í ullmhacht an daonra. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ról ríthábhachtach ag údaráis phoiblí, na meáin, institiúidí oideachais, eagraíochtaí don óige agus don tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, gnólachtaí, líonraí áitiúla agus saoránaigh, ó aois óg.
Sin an fáth ar mhaith linn go mbeadh a oiread saoránach Eorpach agus is féidir in ann a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an gcaoi ar féidir leis an Aontas a chinntiú go mbeidh na beartais agus na gníomhaíochtaí cuimsitheach, éifeachtach agus ag teacht le riachtanais na saoránach.
Glac páirt sa díospóireacht agus foilsigh smaointe, roinn do thuairimí agus déan plé le daoine eile ar ábhair a bhaineann le hullmhacht an daonra.
Cén fáth a bhfuil seo de dhíth orainn?
Amlíne
Bhí an Painéal Saoránach Eorpach maidir le Cothroime Idirghlúine ar siúl thar thrí dheireadh seachtaine idir Meán Fómhair agus Samhain 2025.
- Eanáir - Bealtaine 2026Aighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, déanann siad trácht orthu agus tacaíonn siad leo.
- Márta – Bealtaine 2026An Painéal Saoránach Eorpach
Cuireann ionchur na saoránach leis an bPainéal. Déanann an Painéal díospóireachtaí agus cuireann sé moltaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.
- Meitheamh – Nollaig 2026Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le moltaí an Phainéil Saoránach
Obair leantach ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ionchur ar an Ardán agus leis na moltaí ón bPainéal.
- Earrach 2027Aiseolas ar an toradh
Na gníomhaíochtaí beartais a chur in iúl do na saoránaigh, bunaithe ar a n-ionchur agus ar a moltaí.

