Conas is féidir linn meath na bhfeithidí pailnitheacha fiáine a chur ina cheart?
Cuireann meath na bhfeithidí pailnitheacha an infhaighteacht bia, an dúlra agus ár rathúnas amach anseo i mbaol. Tá roinnt tionscnamh curtha i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais agus ag go leor tíortha, réigiún agus cathracha Eorpacha chun aghaidh a thabhairt air sin, ach tá go leor fadhbanna le sárú go fóill.
Conas a réitímid dúshláin maidir le cur chun feidhme, agus conas a théimid ar aghaidh le gníomhaíochtaí nithiúla?
Níl sé éasca freagra a thabhairt ar an gceist sin, ach is ceist uaillmhianach í le díospóireacht a dhéanamh ina leith! Sin é an misean a cuireadh de chúram ar 100 Eorpach óg idir 18 mbliana agus 29 mbliana d’aois a roghnaíodh go randamach, a bheidh ag teacht isteach sa Tionól chun réitigh agus moltaí beartais a cheapadh ó mhí Mheán Fómhair 2025 go mí an Mhárta 2026.
Ach ós rud é go ndéanann an fhadhb sin difear do gach duine, is mian linn an díospóireacht a oscailt do gach saoránach.
Léigh leat chun a fháil amach conas is féidir leat páirt a ghlacadh sa phlé agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis.

Cén fáth a bhfuil tábhacht le pailneoirí?
Ar na feithidí pailnitheacha fiáine tá beacha aonair, bumbóga, beacha gabhair, féileacáin, leamhain – agus cuileoga eile, foichí, agus ciaróga fiú! Tá na hainmhithe beaga bídeacha sin i bhfad níos tábhachtaí do shochaithe daonna agus don dúlra ná mar a thabharfaí le fios lena laghad atá siad. Braitheann thart ar 4 cinn as gach 5 bharr agus phlanda bhláthacha fhiáine ar phailneoirí chun pailin a aistriú agus cuidiú leo atáirgeadh.
Anuas ar an ról sin, tá na feithidí tábhachtach freisin maidir le rialú lotnaidí agus sláinte na hithreach, agus is cuid riachtanach den bhiashlabhra iad chomh maith.
Nuair a thagann meath ar na hainmhithe sin – mar gheall ar athrú ar úsáid talún, dianbhainistiú talmhaíochta agus dianúsáid lotnaidicídí, truailliú an chomhshaoil, speicis choimhthíocha ionracha agus an t-athrú aeráide – bíonn tionchar ag na hainmhithe sin ar éiceachórais iomlána, rud a bhaineann an bonn den bhithéagsúlacht, den táirgeadh bia, den gheilleagar agus, ar deireadh, d’fholláine an duine. Dá bhrí sin, chun na feithidí pailnitheacha a chosaint, ní mór dul i ngleic leis an ngréasán casta dúshlán sóisialta agus comhshaoil.

Cad atá i gceist do na saoránaigh?
Ós rud é go bhfuil ár saol fite fuaite go mór le cinniúint na bpailneoirí, ba cheart na cinntí maidir lena bhfuil le déanamh a bheith ina n-ábhar díospóireachta poiblí leithne.
Is ceist í slándáil an tsoláthair bia a bhfuil tábhacht eiseach ag baint léi, ach tá iarmhairtí tábhachtacha cultúrtha agus eacnamaíocha ag baint leis an gcineál bia a tháirgimid agus leis an gcaoi a dtáirgimid é. Beidh tionchar ag cosaint na bhfeithidí sin freisin maidir leis an dóigh a mbainistímid limistéir ghlasa, ónár ngairdíní príobháideacha, trí na páirceanna poiblí go dtí na hanaclanna dúlra. Ar an dóigh chéanna le go leor gnéithe eile den ghéarchéim chomhshaoil, is díol machnaimh é an meath ar na feithidí pailnitheacha ar cheisteanna níos mó faoin gcaidreamh idir ár sochaithe agus an domhan beo.
Is cinnte go bhfuil lámh ag daoine óga sa díospóireacht seo, ós rud é go gcaithfidh siad an chuid is mó dá saol ag plé le hiarmhairtí na géarchéime agus na gcinntí a dhéanaimid – nó nach ndéanaimid – inniu. Sin an fáth a bhfuiltear ag iarraidh ar shaoránaigh óga teacht le chéile sa Tionól. Ach ó tharla go bhfuil an plé sin ábhartha dúinn go léir, is spás a bheidh san ardán seo do gach duine le haghaidh malartú níos leithne.

Amlíne
- Meitheamh – Meán Fómhair 2025Plé ar líne
Téarmaí na díospóireachta a leathnú trí thaithí agus ábhair imní na saoránach a bhailiú
- 26-28 Meán Fómhair 2025An chéad seisiún den Tionól – sa Bhruiséil
An topaic a fhiosrú agus an treo a shocrú
- Deireadh Fómhair – Samhain 2025Plé ar líne
Tobsmaointeoireacht agus samplaí a bhailiú
- 5-7 Nollaig 2025An dara seisiún den Tionól – sa Bhruiséil
Roghanna a phlé agus machnamh a dhéanamh ar dhúshláin, tús a chur leis an obair ar mholtaí
- Eanáir – Feabhra 2026Plé ar líne
Machnamh a dhéanamh ar thograí tosaigh an Tionóil
- 6-8 Márta 2026An tríú seisiún den Tionól – sa Bhruiséil
Moltaí a chur i gcrích
Iarrtar ar gach duine páirt a ghlacadh sa phlé!
Sna míonna amach romhainn, beidh saoránaigh ó gach cearn den Eoraip in ann a dtuairimí agus a dtaithí a mhalartú ar an ardán seo chun spás díospóireachta idirghníomhach a chruthú.
Beidh fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh sa phlé agus machnamh a dhéanamh ar smaointe atá á bhforbairt. Ar an dóigh sin, is féidir linn a chinntiú go gcuirfimid an líon is mó is féidir d’ábhair imní, de riachtanais agus de dhearcthaí san áireamh.
Beidh an plé ar an ardán ceangailte le plé an Tionóil, chun a chinntiú gur féidir leis an dá phróiseas crosphailniú lena chéile.
Beidh tú in ann páirt a ghlacadh anseo – ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach – coinnigh súil ar an spás seo, mar sin!

Céard leis ar féidir a bheith ag súil ón Tionól?
Cuirfidh comhaltaí óga an Tionóil tús lena n-aistear trí fhoghlaim faoi na príomhdhúshláin a bhaineann le caomhnú na bpailneoirí.
Ach díreofar an chuid is mó dá gcuid ama ar dhearcthaí éagsúla a phlé, ar thobsmaointeoireacht a dhéanamh ar réitigh agus ar chineálacha nua de chur chuige a phlé chun dul i ngleic leis na dúshláin.
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar an gcomhthéacs polaitiúil agus sóisialta, rachaidh comhaltaí an Tionóil i dteagmháil freisin le polaiteoirí, le páirtithe leasmhara agus le gníomhaithe na sochaí sibhialta.
Ar deireadh, forbróidh siad moltaí d’institiúidí an Aontais, do lucht cinnteoireachta eile agus do pháirtithe leasmhara ábhartha chomh maith.
Deis atá sa Tionól chomh maith chun machnamh a dhéanamh ar ról na hóige laistigh de rialachas saincheisteanna comhshaoil ar leibhéal an Aontais, in éineacht leis na hinstitiúidí Eorpacha, le fís fhadtéarmach.

Tuilleadh eolais
Léigh tuilleadh faoi phailneoirí, faoin tábhacht a bhaineann leo agus faoi na bagairtí atá rompu san Achoimre ar na Pailneoirí agus in acmhainní eolais eile.
Féach leat an obair atá an tAontas a dhéanamh cheana féin.
Féach leat an chuma a bheadh ar an domhan gan na feithidí pailnitheacha: Páirc na bPailneoirí