An féidir naisc nó doiciméid a chur le haighneacht nó trácht?
Is féidir leat íomhá (comhad jpg, jpeg nó png) a chur le d’aighneacht féin ar an Ardán. Faoi láthair ní féidir íomhánna a chur i gceangal le trácht. Ina theannta sin is féidir hipearnaisc a chur le haighneachtaí agus tráchtanna, mar shampla le foinse gréasáin nó doiciméad pdf, ach ní chuirfear an t-ábhar seachtrach sin san áireamh chun críoch tuairiscithe/anailísithe.
An féidir linn leasuithe a dhéanamh ar aighneachtaí a chuirtear isteach ar an Ardán?
Ní féidir ach le húdar na haighneachta leasuithe a dhéanamh ar feadh 30 nóiméad tar éis a foilsithe. I ndiaidh na tréimhse sin, cuirtear an aighneacht faoi ghlas, agus ní féidir tuilleadh leasuithe a dhéanamh uirthi. Mar sin féin, is féidir an aighneacht a tharraingt siar fós.
Cé nach féidir leasú a dhéanamh ar aighneachtaí saoránach eile, is féidir leat tuairimí agus moltaí a thabhairt maidir le haon cheann de na tograí trí úsáid a bhaint as an bhfeidhm ‘Fág trácht’.
Cá fhad a thógann sé an t-aistriúchán uathoibríoch a bheith ar fáil go poiblí?
Déanfar tráchtanna agus aighneachtaí a aistriú go huathoibríoch agus cuirfear ar fáil iad i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh go gairid tar éis a bhfoilsithe. D’fhéadfadh an fad ama beacht a bheith éagsúil ag brath ar an líon iarrataí a chuirtear isteach sa chóras.
Cá fhad a fhanann gach topaic ‘oscailte’? Cá mhéad topaic a dhéanfar in aghaidh na bliana, mar shampla?
Beidh an líon topaicí in aghaidh na bliana agus amlíne gach topaice ag brath ar an gcinneadh ón gCoimisiún. Níl aon íoslíon in aghaidh na bliana ná aon fhad seasta ama a fhanfaidh topaic oscailte lena plé ar an Ardán.
An féidir le saoránaigh vóta a chaitheamh i leith rud éigin?
Is féidir le saoránaigh aighneachtaí a fhormhuiniú chun tacaíocht a léiriú. Ina theannta sin, is féidir le duine ar bith vóta a chaitheamh ar aighneachtaí mar aoi gan cuntas a chruthú.
Cad atá i gceist le suaitheantais?
Is admhálacha uathoibríocha rannpháirtíochta ar an ardán iad suaitheantais. Tagann siad aníos ar phróifíl phoiblí rannpháirtí agus léiríonn siad garspriocanna, cuir i gcás aighneachtaí a chur isteach, trácht a dhéanamh, nó aighneachtaí a fhormhuiniú. Ceapadh na suaitheantais chun aitheantas a thabhairt do rannpháirtíocht ach ní dhéanann siad difear do mhodhnóireacht ná do chinnteoireacht.
An féidir le saoránaigh cur le ceapadh beartais an Aontais trí aiseolas a thabhairt do chomhairliúcháin phoiblí agus glaonna ar fhianaise?
Is é príomhchuspóir Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach deis a thabhairt do shaoránaigh cur le ceapadh beartais an Aontais. Ina theannta sin, tugann na hardáin eile faoin tairseach athchóirithe ‘Cloisimis Uait!’ deis do shaoránaigh páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin ar bheartais atá ann cheana féin agus tacú le Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh agus/nó iad a chur chun cinn.
Cad atá i gceist le haighneacht a ‘tharraingt siar’?
Is féidir leat d’aighneacht a tharraingt siar ach cliceáil ar an gcnaipe ‘tarraing siar’. Mar sin féin, beidh an aighneacht go fóill le feiceáil ach beidh ‘tarraingthe siar’ luaite léi. Ciallaíonn sé sin nach gcuirfear san áireamh é a thuilleadh mar chuid den díospóireacht.
Más mian leat d’aighneacht a scriosadh go buan ón ardán, is féidir leat scéala a chur chuig an bhfoireann modhnóireachta ach ríomhphost a sheoladh chuig moderation
opensourcepolitics [dot] eu (moderation[at]opensourcepolitics[dot]eu) agus d’iarratas a mhíniú.
Conas a roghnaítear na topaicí don Ardán agus do na Painéil? Cé atá ag socrú an chláir oibre, agus an féidir le saoránaigh cur leis an obair sin?
Is é clár oibre beartais an Choimisiúin atá ag stiúradh na dtopaicí faoi láthair, toisc go bhfuiltear ag féachaint leis na haighneachtaí a dhéanamh fónta le haghaidh na bpróiseas ceaptha beartais leanúnach. Is é an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh an uirlis eile chun rud faoi leith a chur chun cinn ar an gclár oibre.
Conas a chuirtear aighneachtaí na saoránach san áireamh?
Féachfaidh saoránaigh anailís ar a gcuid aighneachtaí ar an Ardán féin. Má nasctar na haighneachtaí le próiseas rannpháirteach ar an láthair, mar shampla Painéal Saoránach Eorpach, cuirfidh na haighneachtaí leis an bplé ar an láthair freisin. Beidh aiseolas maidir le tionchar na n-aighneachtaí ar fáil ar an Ardán agus, i gcás Painéil, beidh sé ar fáil i dTuarascáil ó na Saoránaigh a ghlacann Coláiste na gCoimisinéirí in éineacht leis an tionscnamh beartais.
An ndéanfar tograí comhchosúla a ghrúpáil ar mhaithe leis an inléiteacht?
Cruthófar catagóirí in am trátha (féach thuas maidir le hanailís ar aighneachtaí). Faoi láthair, áfach, taispeántar aighneachtaí go randamach gach uair a thugtar cuairt ar an Ardán ionas nach dtabharfar buntáiste d’aighneacht faoi leith agus nach bhfaighidh aighneacht faoi leith níos mó amhairc mar gheall ar an áit a gcuirtear í.
An mbeidh an tuarascáil neamhspleách ar fáil ar an Ardán?
Ach oiread leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus Painéil Saoránach Eorpach roimhe seo, beidh an Tuarascáil ó na Saoránaigh ar fáil ar an Ardán.
An bhféadfaí cineálacha comhairliúcháin níos simplí agus níos inrochtana a bheith ann amach anseo?
Cinnte, d’fhéadfaí suirbhéanna agus pobalbhreitheanna a bhunadh ar líon beag ceisteanna.
Cad é an difríocht idir seo agus an tArdán roimhe? Cad chuige a bhfuil ceann nua á chruthú?
Ní ardán iomlán nua é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach. Tá sé bunaithe ar ardán digiteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, agus tá cuma úr air anois chun tabhairt le fios gur tionscadal de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é. Cuireadh feabhas ar chuid d’fheidhmeanna an Ardáin freisin bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón rannpháirtíocht ar líne le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa.
An ndearna an Coimisiún Eorpach aon taighde ar ardáin rannpháirtíochta saoránach a bhí ann cheana féin sular chinn siad ceann a thógáil as an nua?
D’eascair Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach as an rath a bhí ar ardán digiteach ilteangach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, ardán a bhí bunaithe ar an ardán daonlathais rannpháirtíochta foinse oscailte Decidim.
Roghnaíodh Decidim tar éis anailís dhomhain ar na príomhardáin rannpháirtíochta saoránach ar líne dílseánaigh agus foinse oscailte ábhartha. San anailís rinneadh measúnú ar oiriúnacht agus acmhainní teicniúla 20 ardán, nó mar sin, trí úsáid a bhaint as sraith critéir réamhshainithe, mar shampla acmhainneacht dhioscúrsach, uirlisí modhnóireachta, anailís agus sintéis ar aighneachtaí rannpháirtithe, ilteangachas, sásraí fíordheimhnithe úsáideora, inscálaitheacht, idir-inoibritheacht, inrochtaineacht agus comhlíontacht RGCS, úinéireacht sonraí, slándáil agus samhail cheadúnúcháin.
Cad a tharlaíonn má fhoilsíonn úsáideoirí éagsúla an aighneacht chéanna roinnt uaireanta?
Tá sé i gceist leis an ardán an díospóireacht is leithne is féidir a éascú, le go leor smaointe agus dearcthaí éagsúla. Cruthaíonn sé sin plé bríomhar agus fágann sé go bhfuil sé níos suimiúla d’úsáideoirí.
Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh aon ábhar comhionann le feiceáil agus má bhíonn, bainfidh an fhoireann modhnóireachta é.
Ba mhaith linn a chur i bhfios go láidir freisin nach mbaineann níos mó tábhachta le hábhar má fhoilsítear é roinnt uaireanta. Chun béim a leagan ar a thábhacht, is fearr má thagann aighneacht chun cinn uair amháin agus má dhéanann go leor daoine eile é a fhormhuiniú ina dhiaidh sin.
An féidir leat tuilleadh eolais a thabhairt faoi na bogearraí a úsáidtear don Ardán?
Tá Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach bunaithe ar an ardán daonlathais rannpháirtíochta foinse oscailte Decidim: https://decidim.org/ . Is ardán digiteach inoiriúnaithe inchumraithe é Decidim, ó thaobh feidhmiúlachta agus cuma de, a chuireann réimse leathan modúl rannpháirtíochta ar fáil ar féidir iad a oiriúnú agus a mheascadh a thuilleadh chun an próiseas rannpháirtíochta inmhianaithe a chur i bhfeidhm.
Conas a oibríonn an fíordheimhniúchán ar an Ardán?
Déantar rannpháirtithe a fhíordheimhniú in Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach trí sheirbhís fíordheimhniúcháin EU Login ón gCoimisiún Eorpach. Ceann de na buntáistí a bhaineann leis an tseirbhís sin is ea go bhfeidhmíonn sé mar phointe aonair fíordheimhniúcháin úsáideora le haghaidh raon leathan córas faisnéise de chuid an Choimisiún. Má tá cuntas EU Login agat cheana féin ó sheirbhís eile de chuid an Choimisiúin, is féidir leat logáil isteach sa tairseach ‘Cloisimis Uait!’ tríd an gcuntas sin, agus rochtain iomlán a fháil ar an éiceachóras ar líne sin, éiceachóras ina bhfuil (i) Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, (ii) Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, agus (iii) Comhairliúcháin Phoiblí agus Aiseolas. Tá sé an-éasca do shaoránaigh páirt a ghlacadh ann; níl ag teastáil chun clárú ach seoladh ríomhphoist a fheidhmíonn.
Cén fáth ar roghnaigh sibh fíordheimhniú le hainm agus ríomhphost seachas na córais fíordheimhniúcháin náisiúnta a bhí ar fáil?
Tá a chóras fíordheimhniúcháin féin ag beagnach gach rialtas náisiúnta san Aontas, rud a fhágann go mbeadh sé an-deacair córas amháin a chur i bhfeidhm agus brath air. Ina theannta sin, leis na córais fíordheimhniúcháin náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, ní féidir rochtain gan uaim a fháil orthu thar teorainneacha. Leis an tseirbhís fíordheimhniúcháin EU Login is féidir aon chóras amháin a chur i bhfeidhm, córas ar féidir le haon duine aonair a úsáid, beag beann ar a shuíomh nó a náisiúntacht.
Conas a chuireann sibh cosc ar thionchar ó stocairí?
Tá an tArdán oscailte do shaoránaigh uile an Aontais. Trí aighneachtaí agus tráchtanna a bhailiú ó phobal leathan, agus tríd an bpróiseas aighneachta agus rannpháirtíochta a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir, tá súil againn ionchur a fháil atá lasmuigh de raon feidhme na stocairí. Is féidir aon tionchar a d’fhéadfadh grúpaí stocairí a imirt a shainaithint freisin ón anailís a dhéantar ar na haighneachtaí.
Conas a chuireann sibh cosc ar an iliomad aitheantas úsáideora?
Braitheann an tArdán ar an tseirbhís EU Login ón gCoimisiún Eorpach chun rannpháirtithe a fhíordheimhniú. Cé go bhféadfadh úsáideoir an iliomad cuntas a chruthú in EU Login le seoltaí ríomhphoist éagsúla, nuair a ghlacann siad páirt san Ardán, is féidir aighneachtaí comhchosúla nó dúblacha, chomh maith le tionchar stocaireachta, a shainaithint ón anailís a dhéantar orthu. Tá polasaí modhnóireachta láidir i bhfeidhm chun cur in aghaidh gníomhaíocht mhailíseach, turscair agus ionsaithe teicneolaíochta eile ar an Ardán.
Conas a dhéanfar anailís ar na haighneachtaí agus conas a chruthófar an tuarascáil?
Déantar an anailís ar na haighneachtaí a chuirtear isteach ar an Ardán (e.g. tograí agus tráchtanna) go páirteach le huirlisí uathoibríocha mianadóireachta téacsanna agus le bailíochtú leanúnach ‘daonna’, is é sin le rá go ndéantar anailís de láimh orthu freisin. Tá an uathanailís bunaithe ar na nithe seo a leanas:
Aicmiú: úsáid a bhaint as eochairfhocail i dtéacs na haighneachta chun é a shainiú do chatagóirí a dtugtar tús áite dóibh sa díospóireacht
Aicmiú: grúpaí aighneachtaí gaolmhara a aimsiú.
Aighneachtaí atá chóir a bheith dúblach a shainaithint chun cuidiú le feachtais a aimsiú.
I gcás inar féidir, cuirtear san áireamh mianadóireacht argóintí agus cineálacha eile cur chuige chun ionchuir shuntasacha a shainaithint arbh fhiú iad a imscrúdú a thuilleadh.
Is anailís cháilíochtúil í go príomha, ach cuirtear an líon formhuinithe nó tráchtanna san áireamh ann freisin, mar cheann de na gnéithe éagsúla a ndéantar anailís orthu.
Conas is féidir scéal faoin Ardán a scaipeadh ar ár gcomhghleacaithe agus ar líonraí níos leithne?
Déanfar sleamhnáin eolais a chuirtear i láthair le linn an tSeimineáir Gréasáin ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach agus tuilleadh eolais chun an scéal a scaipeadh, déanfar an t-ábhar sin a uaslódáil ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.
An bhfuil feachtais phoiblíochta bhreise shonracha beartaithe chun saoránaigh ar fud na hEorpa a chur ar an eolas faoin deis atá acu páirt a ghlacadh ar líne?
Tá an Coimisiún ag lorg bealaí le teagmháil a dhéanamh le saoránaigh san Eoraip. Tá feachtais éagsúla ar siúl le cois na dtopaicí atá foilsithe ar an Ardán. Ina theannta sin molaimid do gach saoránach an scéal a scaipeadh agus iarraidh ar a dteaghlaigh agus ar a gcairde páirt a ghlacadh.
Conas is féidir le heagraíochtaí sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara eile a gcuid gníomhaíochtaí a chur ar an Ardán?
Tá an tArdán oscailte agus inrochtana do chách. Dá bhrí sin is féidir le heagraíochtaí aighneachtaí a chur isteach cosúil le haon saoránach eile nó tuairisciú ar an bplé a dhéantar ag a gcuid imeachtaí trí an bhfeidhm imeachta (mar a dhéantar le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa).
Cá bhfaighidh mé an nasc chuig API agus chun comhaid sonraí oscailte a íoslódáil ón Ardán?
Tá na sonraí sin ar fáil go poiblí chun rannpháirtíocht na saoránach sa saol polaitiúil agus sóisialta a chothú agus chun trédhearcacht an rialtais a mhéadú d’fhonn rochtain ar fhaisnéis ón earnáil phoiblí agus athúsáid na faisnéise sin a éascú. Tá tuilleadh eolais faoi bheartais sonraí oscailte an Choimisiúin Eorpaigh le fáil anseo.