An fuath sa tsochaí a chomhrac – Seoladh na díospóireachta ar líne
Cad is féidir linn a dhéanamh faoin bhfuath agus conas is féidir linn an meas frithpháirteach a fheabhsú inár sochaithe? An bhfuil moladh agat chun tacú leis an obair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach amach anseo maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac?
Ba mhaith linn cloisteáil uait faoi conas an fuath sa tsochaí a chomhrac – conas aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha fuatha sa saol laethúil.
Cabhróidh do chuid smaointe linn cinnte a dhéanamh de go ndéanfar athmhuintearas a chothú idir grúpaí agus pobail scoilte.
An Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhfuath sa tsochaí a chomhrac – An dara seisiún
Tháinig 150 saoránach le chéile a roghnaíodh go randamach ó gach cearn den Eoraip an deireadh seachtaine seo arís don dara seisiún den Phainéal chun leanúint den phlé maidir leis an méid seo a leanas:
- coincheap agus léiriú an fhuatha sa tsochaí
- na príomhfhórsaí atá ag spreagadh an fhuatha sa lá atá inniu ann
- réimsí gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha fuatha
Agus iad ag obair i meithleacha, lean na saoránaigh ar aghaidh le dréachtú na moltaí tosaigh, rud a chuirfidh siad i gcrích le linn an tríú seisiún i mí na Bealtaine. Beidh na moltaí sin mar bhonn eolais ina dhiaidh sin do bheartais agus do thionscnaimh an Choimisiúin amach anseo.
Cad é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach?
Seo é an spás tiomnaithe atá agat chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le beartais an Aontais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Cuid ríthábhachtach dár bpróiseas ceaptha beartas is ea d’aiseolas. Tá tábhacht le tuairim an uile dhuine agus ba mhaith linn do thuairim a chloisteáil.
A bhuí le haistriúchán fíor-ama, is féidir leat páirt a ghlacadh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus a bheith rannpháirteach in éineacht le do chomhshaoránaigh. Tógaimis an Eoraip le chéile!
Cad is féidir linn a dhéanamh faoin bhfuath agus conas is féidir linn an meas frithpháirteach a fheabhsú inár sochaithe? An bhfuil moladh agat chun tacú leis an obair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach amach anseo maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac?
Seo an spás ar féidir leat do thuairimí a chomhroinnt agus a bheith rannpháirteach in éineacht le saoránaigh eile.
Cad is féidir linn a dhéanamh chun billí fuinnimh a laghdú? Conas is féidir linn ár dtithe a dhéanamh níos fuinneamhéifeachtúla? Cad iad na roghanna fuinnimh níos cliste is féidir linn a dhéanamh chun ár bpláinéad a chosaint?
Seo an spás ar féidir leat do thuairimí a chomhroinnt agus a bheith rannpháirteach in éineacht le saoránaigh eile.
Céimeanna rannpháirtíochta na saoránach
- RannpháirtíochtAighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fágann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu
- An pléNa Painéil Saoránach Eorpach
Cuirtear aighneachtaí san áireamh mar chuid de na Painéil Saoránach Eorpach agus áirítear an toradh sa phróiseas ceaptha beartas Eorpach
- Obair leantachGníomh a dhéanamh maidir le moltaí na saoránach
Déantar obair leantach ar aighneachtaí trí phlé bunaithe ar thuarascálacha rialta
- AiseolasCumarsáid thrédhearcach maidir leis an toradh
Cuirtear saoránaigh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí beartais
Is féidir leat páirt a ghlacadh trí aighneachtaí a phostáil nó trí bharúil a thabhairt faoi aighneachtaí ó dhaoine eile, sin nó iad a fhormhuiniú. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ní mór duit síniú isteach le EU-Login. Féach leat leathanach gréasáin EU-Login chun cuntas a chruthú.
Nuair a bheidh tú sínithe isteach, beidh tú in ann d’aighneacht féin a chur isteach ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Aighneacht nua +’. Is féidir leat teideal agus ábhar d’aighneachta a scríobh ansin, agus is gá idir 150 agus 1500 carachtar a úsáid ina leith sin.
Is féidir leat barúil a thabhairt faoi aighneacht eile nó é a ‘fhormhuiniú’. Is ionann aighneacht a ‘fhormhuiniú’ agus ‘is maith liom é’ a thabhairt di, mar a dhéantar ar ardáin eile de chuid na meán sóisialta.
Foilsítear do chuid aighneachtaí láithreach bonn agus dá bhrí sin, ní mór duit na Rialacha maidir le Rannpháirtíocht a urramú.
Táimid go hiomlán tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Féach an dóigh a ndéanaimid sin
Clúdaíonn na ceisteanna seo réimse topaicí a bhaineann le feidhmiúlacht, sonraíochtaí teicniúla, ábhar agus topaicí, agus fiosrúcháin ilghnéitheacha maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach.
Painéil Saoránach Eorpach
Príomhchuspóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea rannpháirtíocht níos láidre na saoránach ina phróisis agus ina bheartais dhaonlathacha. I ngeall air sin, bhunaigh an Coimisiún na Painéil Saoránach Eorpach mar ghné rialta den saol daonlathach san Aontas.
I ngach Painéal Saoránach, tugtar le chéile 150 saoránach a roghnaítear go randamach as gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, rud a léiríonn éagsúlacht agus glúnta óga na hEorpa. Déanann na Painéil moltaí maidir le príomhbheartais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Bí ag faire amach do na forbairtí is déanaí maidir leis na Painéil atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo.