Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach

Rialacha maidir le Rannpháirtíocht

Trí aighneacht a fhoilsiú, aontaíonn tú go gcloífidh tú le luachanna na díospóireachta poiblí

  • A aithint go bhfuil an ceart saoirse chun tuairimí a nochtadh ag gach duine, chun tuairim éagsúil a bheith aige, agus sin a urramú, de mheon na héisteachta agus na hoscailteachta. 
  • Luachanna an iolrachais, an neamh-idirdhealaithe agus na caoinfhulaingthe, mar atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a aithint agus glacadh leo.
  • Do chuid aighneachtaí a dhéanamh agus é d’aidhm agat díospóireacht ar ardchaighdeán a chothú le toil chuiditheach. 
  • Gan aon tuairim ná seasamh a fhoilsiú atá maslach, clúmhillteach, ciníoch, idirdhealaitheach nó atá in aghaidh an oird phoiblí agus an dlí atá i bhfeidhm. 

Dá bhrí sin, ní cheadaítear an méid seo a leanas: 

  • Ionsaithe nó gríosú chun fuatha bunaithe ar inscne, ar chreideamh nó ar easpa creidimh, ar bhunadh náisiúnta nó eitneach, ar aois, ar mhíchumas nó ar ghnéaschlaonadh. 
  • Maslaí, ciapadh, ráitis idirdhealaitheacha faoi dhaoine nó faoi eagraíochtaí. 
  • Leathfhocail, ráitis thromchúiseacha atá neamhchruthaithe nó atá míchruinn go clúiteach, bréageolas darb aidhm deighiltí sa tsochaí a dhoimhniú.
  • Teachtaireachtaí fógraíochta agus fógraí rangaithe. 
  • Teachtaireachtaí ina bhfuil eolas pearsanta a d’fhéadfadh príobháideachas a shárú. 
  • Teachtaireachtaí gáirsiúla nó pornagrafacha. 
  • Téacsanna a atáirgeadh gan a bhfoinse a lua nó ábhar faoi réir cóipchirt a atáirgeadh gan údarú. 

Foilsiú aon aighneachta, tá sin faoi réir modhnóireacht a posteriori arna déanamh ag an bhFoilsitheoir. Is iad modhnóirí an ardáin amháin a dhéanfaidh na haighneachtaí a fhaightear a mheas agus forchoimeádann siad an ceart chun na rialacha sin a chur i bhfeidhm trí theachtaireachtaí a sháraíonn na rialacha sin a cheilt gan fógra ná comhaontú roimh ré. 

Sula gcuireann tú d’aighneacht isteach, dearbhaíonn tú gur léigh tú agus go nglacann tú leis na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá ann faoi láthair. Féadfaidh an Foilsitheoir na coinníollacha sin a mhodhnú aon tráth gan fógra a thabhairt, agus ní féidir freagracht a chur air ar aon bhealach as mí-úsáid na seirbhíse.