Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
Painéil Eorpacha na Saoránach

Céim nua i rannpháirtíocht na saoránach

Tá an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a chomhrac ar siúl faoi láthair

Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh

Cad iad na Painéil Saoránach Eorpach?

Cén dóigh a n-oibríonn Painéal Saoránach?

  1. Seisiún 1
    Smaointe a spreagadh

    Is é cuspóir an chéad seisiúin smaointe a spreagadh agus na cineálacha cur chuige is fearr leis na saoránaigh a fhorbairt agus a ghrúpáil chun plé a dhéanamh orthu sna seisiúin atá le teacht.

  2. Seisiún 2
    Athbhreithniú agus mionchoigeartú

    Is é sprioc an tseisiúin seo tógáil ar an gcur chuige a comhaontaíodh sa chéad seisiún agus moltaí tosaigh na saoránach a dhréachtú. Tar éis próiseas atriallach ‘piarmheasúnaithe’, déanann na saoránaigh, mar mheithleacha, athbhreithniú ar obair a chéile agus cuireann siad leis an obair sin, rud a spreagann smaointe eile. Is é an méid sin a bheidh mar bhonn ag an bpainéal chun a mholtaí deiridh a fhorbairt le linn an tseisiúin deiridh.

  3. Seisiún clabhsúir
    Conclúid

    Leis an seisiún clabhsúir, cuirtear conclúidí na ndíospóireachtaí, mar aon le moltaí an phainéil, faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, mar chuid den phacáiste a ghabhann leis na tograí ábhartha.

Cén dóigh a roghnaítear saoránaigh?

Icon random people

Thart ar 150 saoránach ó na 27 mBallstát, a roghnaítear go randamach

Icon Diversity

Ionadaíocht a dhéanamh ar éagsúlacht an Aontais Eorpaigh – tíreolaíocht (uirbeach/faoin tuath), inscne, aois, oideachas, cúlra socheacnamaíoch

Icon young people

Is daoine óga iad 1/3 de na rannpháirtithe (16-25 bliana d’aois)

Sa ghlúin nua de na Painéil Saoránach, is trí roghnú randamach a earcaítear rannpháirtithe. Déantar teagmháil ar an nguthán le rannpháirtithe a d’fhéadfaí a earcú. Úsáideann earcaitheoirí uirlisí a ghineann uimhreacha gutháin bailí go randamach (uimhreacha gutháin shoghluaiste agus uimhreacha gutháin shuite araon san áireamh). Ar an gcaoi sin, is féidir teacht ar ghrúpa a bhfuil éagsúlacht ann. Chun a chinntiú go léirítear sochdhéimeagrafach an Aontais sna painéil a mhéid is féidir, cinntítear leis an bpróiseas go mbíonn an earcaíocht ionadaíoch.

Is éard atá sna spriocfhigiúirí earcaíochta sonraí a tugadh ó na nithe seo a leanas:

  • Eorabharaiméadar, suirbhé bliantúil an Aontais Eorpaigh ar thuairimí an phobail, agus
  • Eurostat, Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh.

Cinntítear, le córas cuótaí, painéal atá cothrom ó thaobh inscne de, agus sonraítear gur daoine óga idir 16-25 bliana d’aois atá sa tríú cuid den phainéal. Saintréithe sochdhéimeagrafacha eile a chuirimid san áireamh, is leis na nithe seo a leanas a bhaineann siad:

  • leibhéal oideachais
  • suíomh geografach
  • gairm bheatha.

Earcaítear rannpháirtithe ó gach Ballstát i gcomhréir le daonra an Bhallstáit sin, agus ionadaíocht chionmhar thar ghrúpaí éagsúla á cinntiú san am céanna. I gcás tíortha beaga a bhfuil níos lú rannpháirtithe iontu, clúdaítear na catagóirí ar fud na bpainéal ionas go mbeidh ionadaíocht ag na tíortha beaga.

Déantar an próiseas roghnúcháin a athnuachan go hiomlán do gach painéal nua.

Tá sé ríthábhachtach painéil ionadaíocha agus éagsúla a earcú chun plé bríomhar a éascú agus chun a chinntiú go léireofar raon leathan dearcthaí agus tuairimí leis na pléití sin.

 

Painéil atá tugtha i gcrích

food waste fridge

Cad iad na gníomhaíochtaí is ceart do Bhallstáit an Aontais, do ghníomhaithe i slabhra an tsoláthair bia, do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí eile a dhéanamh chun dlús a chur leis an iarracht chun an cur amú bia a laghdú?

virtual world  woman

Cén fhís agus cé na prionsabail agus na gníomhartha is ceart a bheith mar threoir agus domhain fhíorúla atá inmhianaithe cothrom á bhforbairt?