Cad is éifeachtúlacht fuinnimh ann?
San Aontas, baineann gach duine againn úsáid as go leor fuinnimh gach lá. Má úsáidimid fuinneamh go héifeachtúil, is féidir linn an tairbhe chéanna, nó níos mó tairbhe go fiú, a bhaint as rudaí agus níos lú fuinnimh a chaitheamh ag an am céanna.
Is éard a chiallaíonn gnóthachain éifeachtúlachta fuinnimh níos mó coigiltis fuinnimh agus billí níos ísle do chách. Mar chuid de sin, d’fhéadfá níos lú fuinnimh a chaitheamh chun an níochán a dhéanamh a bhuí le meaisín níocháin atá níos éifeachtúla, d’fhéadfadh údaráis áitiúla foirgnimh phoiblí a athchóiriú, nó d’fhéadfadh cuideachtaí móra trealamh níos éifeachtúla a shuiteáil.
Conas is féidir linn a bheith níos fuinneamhéifeachtúla san Aontas Eorpach?
Ba mhaith linn do chuid smaointe a chloisteáil maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Bíodh sé i do theach, i do ghnólacht nó san ionad oibre, d’fhéadfadh go leor cineálacha éagsúla a bheith i gceist le héifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe, mar shampla:
- soilsiú, téamh nó fuarú sna foirgnimh;
- fearas coitianta a úsáid;
- modhanna éagsúla iompair a úsáid.
Comhroinn do chuid moltaí féin agus féach leat tuairimí na saoránach eile.
Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh
Is é ‘Bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ (‘EE1st’) treoirphrionsabal rialachas fuinnimh na hEorpa. Táimid ag lorg tuairimí ó na saoránaigh maidir le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin i gceapadh beartas fuinnimh.
Is éard a chiallaíonn EE1st machnamh a dhéanamh ar roghanna malartacha éagsúla idir bearta éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le táirgeadh, dáileadh agus caitheamh fuinnimh ionas go mbeidh úsáideoirí deiridh in ann an toradh céanna a bhaint amach agus níos lú fuinnimh á chaitheamh acu, agus tairbhí breise don tsochaí á n-uasmhéadú ag an am céanna. Is é is aidhm do EE1st an méid seo a leanas a chinntiú:
- Gan ach an fuinneamh atá ag teastáil i ndáiríre a tháirgeadh
- Infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí neamhéifeachtúla a sheachaint
- An t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus a bhainistiú ar bhealach costéifeachtach
Leis na tionscnaimh reachtacha Eorpacha a rinneadh le déanaí, tá ról níos láidre ag an bPrionsabal forleathan seo i gcinntí ceaptha beartas, pleanála agus infheistíochta.
Dearcadh na saoránach
Tá go leor bealaí ann a dtéann an éifeachtúlacht fuinnimh chun tairbhe dár saol:
- Billí fuinnimh a laghdú
- Cáilíocht an aeir agus an tsláinte a fheabhsú trí astaíochtaí a laghdú
- Cuidiú le gnólachtaí beaga a bheith níos iomaíche
- Poist ghlasa nua a chruthú
- Ár spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise a laghdú
Is féidir le do rannpháirtíocht tionchar a imirt ar cheapadh beartas an Aontais, rud a chuidíonn chun an éifeachtúlacht a fheabhsú, costais a laghdú agus dramhaíl fuinnimh a sheachaint.
Chuir an Painéal Saoránach Eorpach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a mholtaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh
Ag deireadh sheisiún deiridh an Phainéil, chuir na saoránaigh a moltaí faoi bhráid Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um an gComhaontú Glas don Eoraip.
Le linn trí dheireadh seachtaine, tháinig 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó na 27 mBallstát uile le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na buntáistí is ábhartha dóibh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh.
I dteannta a chéile, tá liosta moltaí nithiúla curtha ar aghaidh acu a chuideoidh le dlíthe an Aontais amach anseo a mhúnlú agus a chuirfidh le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin atá le teacht. Orthu sin tá an togra atá beartaithe ag an gCoimisiún le haghaidh Moladh maidir le ‘Céadphrionsabal na hÉifeachtúlachta Fuinnimh’.
Amlíne
Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg moltaí ó shaoránaigh ar fud an Aontais maidir le conas fuinneamhéifeachtúlacht a uasmhéadú.
- Mí Feabhra – Mí Aibreáin 2024Ranníocaíochtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, déanann siad trácht orthu agus tacaíonn siad leo. Déanann an Coimisiún anailís ar na haighneachtaí sin agus foilsíonn sé tuarascálacha.
- Mí Eanáir – Mí Aibreáin 2024An Painéal Saoránach Eorpach
Cuireann ionchur na saoránach leis an bPainéal. Déanann an Painéal díospóireachtaí agus cuireann sé moltaí faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh.
- Mí na Bealtaine – Fómhar 2024Gníomhaíocht a dhéanamh maidir le moltaí an Phainéil Saoránach
Obair leantach ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an ionchur ar an Ardán agus leis na moltaí ón bPainéal.
- Fómhar 2024Aiseolas ar an toradh
Na gníomhaíochtaí beartais a chur in iúl do na saoránaigh, bunaithe ar a n-ionchur agus ar a moltaí.