An seisiún deireanach den Phainéal Saoránach Eorpach maidir le Buiséad Nua an Aontais
Tar éis dhá dheireadh seachtaine de phlé spreagúil, tá 150 saoránach ó gach cearn den Eoraip ag filleadh ar an mBruiséil don tríú seisiún, arb é an seisiún deiridh é, den Phainéal Saoránach Eorpach maidir le Buiséad Eorpach Nua atá oiriúnach dár nUaillmhianta.
Tiocfaidh na rannpháirtithe ar chonclúidí bunaithe ar an obair a rinne siad roimhe seo, déanfaidh siad a gcuid smaointe a bheachtú, agus tiocfaidh siad ar chomhaontú maidir le tacar deiridh moltaí. Díreofar ar an tionchar fadtéarmach, ar aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin, agus ar thosaíochtaí comhroinnte Eorpacha a dhéanamh d’fhíseanna na saoránach. Cuirfear na moltaí sin ó shaoránaigh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, rud a chuideoidh leis na chéad chéimeanna eile i gceapadh beartas an Aontais a mhúnlú.
Lean an plé iomlánach Dé hAoine ó 14:30 go 16:30 agus Dé Domhnaigh ó 09:00 go 13:00 sa sruth gréasáin anseo.

An Todhchaí a Mhúnlú Linn: An Díospóireacht maidir le Cothroime Idirghlúine
Smaoinigh ar Aontas Eorpach ina dtagann na glúnta le chéile ar mhaithe le sochaí atá faoi bhláth. Dá mbeadh an rogha agat, cén chuma a bheadh uirthi? Agus cad ba cheart a dhéanamh anois chun an todhchaí sin a fhíorú?
Tugann an Coimisiún Eorpach cuireadh duit chun cuidiú le straitéis cheannródaíoch maidir le Cothroime Idirghlúine a chruthú i gcomhar le daoine eile.
Bain úsáid as an ardán seo chun an chuma a bheidh uirthi, na rudaí a cheapann tú atá tábhachtach agus na rudaí atá in easnamh faoi láthair a roinnt.

Díospóireacht seolta - roinn do thuairimí faoi bhuiséad an Aontais
Is mian linn do thuairimí a fháil chun cabhrú linn an buiséad a bheidh ag an Aontas amach anseo a shainiú. An bhfuil smaointe agat faoin gcaoi a bhféadfadh an buiséad Eorpach difear díreach dearfach a dhéanamh i do shaol?
In 2025 tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh buiséad fadtéarmach Eorpach nua a thosóidh in 2028, rud a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ina dhiaidh sin.

- Idirphlé Beartais leis an Aos Óg
An bhfuil tú bréan de chluas bodhar a fháil i gcónaí? Tá athrú ag teacht air sin. Le déanaí, shuigh daoine óga ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin síos le haghaidh fíorchainteanna duine le duine linn agus comhroinn siad a raibh ar a n-intinn acu.
Tá an deis agat é sin a dhéanamh anois.
- Cothroime Idirghlúine
Smaoinigh ar Aontas Eorpach ina dtagann na glúnta le chéile ar mhaithe le sochaí atá faoi bhláth. Dá mbeadh an rogha agat, cén chuma a bheadh uirthi? Agus cad ba cheart a dhéanamh anois chun an todhchaí sin a fhíorú?
Roinn do thuairimí in iúl agus bí i dteagmháil le saoránaigh eile
- Buiséad Eorpach Nua
Is mian linn do thuairimí a fháil chun cabhrú linn an buiséad a bheidh ag an Aontas amach anseo a shainiú. An bhfuil smaointe agat faoin gcaoi a bhféadfadh an buiséad Eorpach difear díreach dearfach a dhéanamh i do shaol?
Roinn do thuairimí faoin mbuiséad a bheidh ag an Aontas amach anseo agus déan teagmháil le saoránaigh eile.
Cad é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach?
Seo é an spás tiomnaithe atá agat chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le beartais an Aontais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Cuid ríthábhachtach dár bpróiseas ceaptha beartas is ea d’aiseolas. Tá tábhacht le tuairim an uile dhuine agus ba mhaith linn do thuairim a chloisteáil.
A bhuí le haistriúchán fíor-ama, is féidir leat páirt a ghlacadh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus a bheith rannpháirteach in éineacht le do chomhshaoránaigh. Tógaimis an Eoraip le chéile!
Céimeanna rannpháirtíochta na saoránach
- RannpháirtíochtAighneachtaí ar líne
Cruthaíonn na saoránaigh aighneachtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fágann siad trácht orthu agus vótálann siad orthu
- An pléNa Painéil Saoránach Eorpach
Cuirtear aighneachtaí san áireamh mar chuid de na Painéil Saoránach Eorpach agus áirítear an toradh sa phróiseas ceaptha beartas Eorpach
- Obair leantachGníomh a dhéanamh maidir le moltaí na saoránach
Déantar obair leantach ar aighneachtaí trí phlé bunaithe ar thuarascálacha rialta
- AiseolasCumarsáid thrédhearcach maidir leis an toradh
Cuirtear saoránaigh ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí beartais
Is féidir leat páirt a ghlacadh trí aighneachtaí a phostáil nó trí bharúil a thabhairt faoi aighneachtaí ó dhaoine eile, sin nó iad a fhormhuiniú. Is féidir leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Ní mór duit síniú isteach le EU-Login. Féach leat leathanach gréasáin EU-Login chun cuntas a chruthú.
Nuair a bheidh tú sínithe isteach, beidh tú in ann d’aighneacht féin a chur isteach ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Aighneacht nua +’. Is féidir leat teideal agus ábhar d’aighneachta a scríobh ansin, agus is gá idir 150 agus 1500 carachtar a úsáid ina leith sin.
Is féidir leat barúil a thabhairt faoi aighneacht eile nó é a ‘fhormhuiniú’. Is ionann aighneacht a ‘fhormhuiniú’ agus ‘is maith liom é’ a thabhairt di, mar a dhéantar ar ardáin eile de chuid na meán sóisialta.
Foilsítear do chuid aighneachtaí láithreach bonn agus dá bhrí sin, ní mór duit na Rialacha maidir le Rannpháirtíocht a urramú.
Táimid go hiomlán tiomanta do chuid sonraí pearsanta a chosaint. Féach an dóigh a ndéanaimid sin
Clúdaíonn na ceisteanna seo réimse topaicí a bhaineann le feidhmiúlacht, sonraíochtaí teicniúla, ábhar agus topaicí, agus fiosrúcháin ilghnéitheacha maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach.
Painéal Saoránach Eorpach
Príomhchuspóir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea rannpháirtíocht níos láidre na saoránach ina phróisis agus ina bheartais dhaonlathacha. I ngeall air sin, bhunaigh an Coimisiún na Painéil Saoránach Eorpach mar ghné rialta den saol daonlathach san Aontas.
I ngach Painéal Saoránach, tugtar le chéile 150 saoránach a roghnaítear go randamach as gach ceann de 27 mBallstát an Aontais, rud a léiríonn éagsúlacht agus glúnta óga na hEorpa. Déanann na Painéil moltaí maidir le príomhbheartais a bhfuil tionchar acu orainn ar fad.
Bí ag faire amach do na forbairtí is déanaí maidir leis na Painéil atá ann faoi láthair agus na cinn a bheidh ann amach anseo.
