Cén fáth a bhfuil an fuath sa tsochaí á phlé againn?
Is mór an chúis imní é an méadú atá ag teacht ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht san Eoraip inniu. Ní hamháin go mbíonn tionchar díreach ag an bhfuath ar na daoine aonair, ar na grúpaí agus ar na pobail a ndírítear orthu go díreach, ach is féidir leis daoine a dheighilt agus cur isteach ar phlé daonlathach chomh maith.
I mí na Nollag 2023 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht dar teideal ‘Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha’. Iarrtar plé faoi stiúir na saoránach sa Teachtaireacht sin maidir le bealaí chun deireadh a chur leis an bhfuath agus leis an deighilt, agus chun tairbhiú le chéile den chomhionannas agus den mheas ar chearta an duine agus ar dhínit. Is luachanna iad sin atá cumhdaithe sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, is é sin an conradh sóisialta a choinníonn le chéile sinn mar shaoránaigh den Aontas.
Conas is féidir liom páirt a ghlacadh sa díospóireacht ar fud an Aontais maidir leis an bhfuath sa tsochaí a chomhrac?
Cad is féidir linn a dhéanamh faoin bhfuath agus conas is féidir linn an meas frithpháirteach a fheabhsú inár sochaithe? An bhfuil taithí phearsanta nó smaoineamh pearsanta agat le comhroinnt maidir leis an gcaoi ar féidir linn feabhas a chur ar an meas frithpháirteach inár sochaithe? An bhfuil moladh agat chun tacú leis an obair a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach amach anseo maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac?
Is mian linn do thuairimí a fháil maidir le dul i ngleic leis an bhfuath sa tsochaí. Seo spás le haghaidh díospóireacht mheasúil mar a bhféadfaidh tú do thuairimí a chomhroinnt agus a bheith rannpháirteach in éineacht le saoránaigh eile.
Conas a dhéanfaidh an Coimisiún obair leantach ar na smaointe a bhaileofar?
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach anailís ar gach ionchur a dhéanfar ar an Ardán, chomh maith leis an ionchur a eascraíonn as plé an Phainéil Saoránach Eorpach, agus cuirfear san áireamh an méid sin agus beartais á n-ullmhú amach anseo.
Dul i ngleic leis an bhfuath: Cad é atá i gceist?
Cé nach bhfuil sé éasca méid an fhuatha a thomhas, d’fhéadfadh roinnt figiúirí léiriú a thabhairt:
- Tháinig méadú 30% ar nimh fuatha idir mí Eanáir agus mí Mheán Fómhair 2023, as 8 milliún teachtaireacht ar líne a ndearnadh anailís orthu san Aontas.
- D’fhulaing 55% de na freagróirí ar shuirbhé de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an t-idirdhealú ciníoch san Aontas níos mó ná trí huaire ó 2022 go 2023.
- Tá foréigean fisiceach nó gnéasach fulaingthe ag bean amháin as gach triúr uair amháin ar a laghad.
Cad atá déanta ag an Aontas go dtí seo maidir leis an bhfadhb sin?
Tá tionscnaimh rialála agus tionscnaimh bheartais araon sa chreat le haghaidh gníomhaíochta i gcoinne fuatha ar leibhéal an Aontais. Ní forléargas uileghabhálach atá sa mhéid thíos: lean an nasc seo chun tuilleadh a léamh faoin gcreat dlíthiúil agus beartais chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac san Aontas.
Bearta atá ann cheana chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac
- Cinneadh Réime 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac
- Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach i mí na Nollag 2023 ‘Ní ghlacfar leis an bhfuath: Eoraip le chéile i gcoinne an fhuatha’
- Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú
- Creat Straitéiseach an Aontais maidir leis na Romaigh um chomhionannas, um chuimsiú agus um rannpháirtíocht
- Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an Chiníochais
Bearta chun dul i ngleic leis an bhfuathchaint neamhdhleathach ar líne
- An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
- Cód iompair an Aontais maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac
Tá an Painéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a chomhrac ar siúl faoi láthair
Tháinig 150 saoránach as gach cearn den Eoraip le chéile don Phainéal Saoránach Eorpach maidir leis an bhFuath sa tSochaí a chomhrac.
I dteannta a chéile, déanann siad plé ar na dearcthaí agus na léirithe éagsúla fuatha atá ann inniu, sin agus ar na bearta is féidir a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha fuatha sa tsochaí.
Ag deireadh an Phainéil i mí na Bealtaine, tiocfaidh na saoránaigh ar chomhaontú maidir le sraith moltaí a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, a mbeidh tionchar acu ina dhiaidh sin ar bheartais ghaolmhara an Aontais.