
Buiséad Eorpach nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta
An ceann feadhna taobh thiar de ghníomhaíocht Eorpach
Tacaíocht an Aontais a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas chun Eoraip níos cothroime agus níos inrochtana a thógáil
Tuairiscíonn an ceathrú cuid de shaoránaigh an Aontais go bhfuil siad faoi mhíchumas, sin os cionn 100 milliún duine. Mar sin féin, de réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ní raibh ach tionchar teoranta ag gníomhaíochtaí an Aontais chun tacú le daoine faoi mhíchumas. Tá cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus bacainní fós roimh dhaoine faoi mhíchumas sa saol laethúil. Tá go leor foirgneamh poiblí agus córas iompair neamh-inrochtana i gcónaí. San ionad oibre, tá siad faoi ghannionadaíocht agus níl tacaíocht leordhóthanach acu chun fanacht fostaithe. Bíonn sé deacair ar leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar oideachas cuimsitheach a fhreastalaíonn ar a riachtanais. Agus tá bacainní móra rompu freisin maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte, spórt, cultúr agus rannpháirtíocht pholaitiúil. Cuireann na bacainní sistéamacha sin le riosca i bhfad níos airde maidir le heisiamh sóisialta agus bochtaineacht. Ar ndóigh, tá ról lárnach ag na Ballstáit, ach ní mór don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta agus gníomhaíochtaí níos láidre a éileamh. Cé go leagtar síos spriocanna uaillmhianacha i Straitéis an Aontais Eorpaigh um Míchumas 2021-2030, ní léirítear go soiléir leis an gcóras faireacháin atá ann faoi láthair an chaoi a bhfuil feabhas á chur ag cistí an Aontais ar shaol daoine faoi mhíchumas. Chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin, ba cheart don Aontas a chistiú a mhéadú go suntasach chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, infheistíocht a dhéanamh i gcláir chuimsitheacha oideachais, tacú le tionscnaimh um lánpháirtiú gairmiúil agus feachtais feasachta a sheoladh chun steiréitíopaí a chomhrac. Ní hamháin gur ceist ceart é na gníomhaíochtaí sin a neartú, tá sé ríthábhachtach Eoraip níos cothroime a thógáil, áit ar féidir le gach duine maireachtáil le dínit agus neamhspleáchas, gan beann ar chumas.
Roinn