
Buiséad Eorpach nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta
An ceann feadhna taobh thiar de ghníomhaíocht Eorpach
An Ciste Eorpach um Chosaint na hÉagsúlachta Muirí
Cad atá á mholadh againn? Molaimid Ciste de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú chun an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus chuige sin amháin. Is é an cuspóir atá ann go bhfaighidh na Ballstáit acmhainní airgeadais chun tionscadail shonracha a mhaoiniú a chuireann le caomhnú agus le hathchóiriú na n-éiceachóras muirí. D’úsáidfí na hacmhainní sin chun an méid seo a leanas a dhéanamh: Speicis atá i mbaol (amhail turtair mhara nó mamaigh mhuirí) a chosaint. — Bruscar muirí a ghlanadh (go háirithe plaistigh). Limistéir mhuirí faoi chosaint a chruthú agus a bhainistiú. Gnáthóga muirí a athchóiriú. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach? Ba cheart é a bheith ina chuspóir soiléir ag an Aontas cosaint na bithéagsúlachta muirí a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhfuil idir 21 % agus 54 % de na cáithníní micreaphlaisteacha uile ar domhan le fáil sa Mheánmhuir, rud a dhéanann difear do réimse leathan ainmhithe, miocrorgánach agus plandaí san fharraige sin. De réir an WWF (an Ciste Domhanda Fiadhúlra), tá damáiste á dhéanamh don bheatha mhuirí ar fud na hEorpa mar gheall ar easpa bainistíochta níos gníomhaí i limistéir faoi chosaint. Ina theannta sin, ní chosnaítear ach 10 % d’uiscí an Aontais ‘ar pháipéar’, rud a chuireann go leor speiceas muirí i mbaol. Chun an staid sin a rialú agus todhchaí níos fearr a chinntiú, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i maoiniú flaithiúil agus i bhfaireachán cuimsitheach ar limistéir mhuirí na hEorpa, d’fhonn na hacmhainní a bheith ann chun fíorathrú a chur chun cinn.
Roinn