
Buiséad Eorpach nua atá oiriúnach dár n-uaillmhianta
An ceann feadhna taobh thiar de ghníomhaíocht Eorpach
Tacaíocht a thabhairt d'Fhorbairt Áitiúil faoi stiúir an Phobail
Tríd an gcéad CAI eile, ní mór don Aontas a léiriú go bhfuil sé nasctha i gcónaí lena shaoránaigh agus go bhfuil sé tiomanta do thacaíocht a thabhairt do phobail. Go háirithe, ní mór díriú ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine agus do phobail atá i mbaol a bhfágtha ar lár ó thaobh an gheilleagair de. Is é Clár LEADER príomhionstraim an AE chun tacú le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, a bhfuil sé cruthaithe thar thréimhse níos mó ná 30 bliain gur bealach an-éifeachtach é chun na huirlisí a thabhairt do phobail chun úinéireacht a ghlacadh ar a bhforbairt féin. Léiríodh freisin go gcuireann modheolaíocht LEADER ón mbun aníos tairbhí tánaisteacha tábhachtacha ar fáil, amhail caipiteal sóisialta agus comhtháthú sóisialta a thógáil laistigh de phobail, agus an Eoraip a thabhairt níos gaire dá saoránaigh. Agus é sin san áireamh, déanaimid na moltaí seo a leanas: - Déanfar an cistiú foriomlán do LEADER/CLLD a mhéadú laistigh den chéad CAI eile. - Leanúint de chistí a chur in áirithe go héigeantach le haghaidh LEADER/CLLD agus iad a leathnú. Má tá LEADER/CLLD le fanacht laistigh de CETFT, molaimid go gceanglófaí ar na Ballstáit (i) sciar íosta de 10 faoin gcéad de chistiú Cholún II CETFT a leithdháileadh ar LEADER/CLLD agus (ii) an leithdháileadh sin a mheaitseáil ar a laghad trí chómhaoiniú náisiúnta. - Déanfar simpliú ar an rochtain atá ag tairbhithe ar chistiú LEADER. - Modheolaíocht LEADER (ón mbun aníos, forbairt rannpháirteach) atá le príomhshruthú ar fud chistí eile an Aontais, d’fhonn tacaíochtaí a neartú do limistéir uirbeacha agus do limistéir eile nach gcumhdaítear le LEADER faoi láthair.
Roinn