Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach

Do shonraí pearsanta a chosaint

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach

Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, 

Aonad COMM.B.3

Tagairt taifid:  DPR-EC-23208

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus ar féidir leat do chearta a fheidhmiú i gcomhar leis, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún agus é ag bainistiú seirbhísí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, seirbhísí atá á riar ag Aonad COMM.B.3 de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún agus ag na haonaid atá freagrach as gníomhaíochtaí próiseála a bhaineann le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach i roinn nó i seirbhís inniúil an Choimisiúin.

2. Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála oibriú agus bainistiú Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach a éascú. Is tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, lena dtabharfar saoránaigh ó gach cearn den Eoraip le chéile chun díospóireacht chomhpháirteach a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh amach anseo.

Go sonrach, is gá sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

  • an nós imeachta clárúcháin agus rochtain ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach a éascú;
  • eolas ábhartha a chur ar fáil do rannpháirtithe faoi na himeachtaí atá beartaithe agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí ar líne a eagraítear faoi chuimsiú rannpháirtíocht an Choimisiúin Eorpaigh le saoránaigh a éascú, is iad sin na Painéil Saoránach Eorpach agus formáidí rannpháirtíochta eile;
  • gníomhaíochtaí cumarsáide amhail ríomhphoist agus cuirí a sheoladh (lena n-áirítear liostaí teagmhála a bhainistiú mar mhaithe le comhfhreagras);
  • torthaí na ndíospóireachtaí a bhailiú le chéile in aon áit amháin;
  • malartú doiciméad a bhaineann le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach chun críocha cumarsáide agus pleanála, forbhreathnú inmheánach ar imeachtaí, imeachtaí amach anseo a chur in iúl, agus staidreamh;
  • doiciméadacht maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach, foilsiú tuarascálacha, fógraí, imeachtaí, nuacht;
  • taifeadtaí físe agus fuaime de chainteoirí, rannpháirtithe agus eagraithe, a fhéadfar a fhoilsiú ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach/ar an idirlíon/ar an inlíon i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a eagraíodh laistigh de chreat Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach;
  • críocha staitistiúla agus anailíseacha;
  • feidhmiú slán agus cothabháil shlán Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.

Is comhéadan idirghníomhach úsáideora gréasáin é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach lena gcuirtear ar a gcumas do shaoránaigh agus eagraíochtaí páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí an Ardáin (e.g. clárú le haghaidh imeachtaí, eolas faoin Ardán a roinnt (cláir oibre, tuarascálacha etc.), smaointí a chur isteach agus iad a phlé agus tacú le hábhair ó úsáideoirí eile agus nótaí tráchta a fhágáil orthu). Tá Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach saor in aisce agus ar fáil go poiblí. Is féidir le gach úsáideoir, bíodh sé cláraithe nó ná bíodh, rochtain a fháil ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach agus brabhsáil air (tá gá le seoladh IP agus/nó ríomhaitheantas an ghléis chun brabhsáil tríd an suíomh gréasáin). Is gá clárú roimh ré chun páirt a ghlacadh sa phlé ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.

An t-ábhar atá ar fáil ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh córas uathoibríoch é a phróiseáil chun anailís a dhéanamh air, chun cuidiú le hanailísithe tuiscint a bhaint as méideanna móra ionchuir téacs, agus le cuidiú chun bréagaisnéis fhéideartha agus cineálacha eile ionramhála ar an bplé a bhrath. I gcomhthéacs Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, bainfear úsáid as an uirlis anailísithe ábhair chun an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • cuidiú le hanailísithe daonna tuiscint a bhaint as an ábhar a chuirtear ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach (cuir i gcás trí bhéim a leagan ar ábhair atá ag teacht chun cinn, ionchur a eagrú i gcatagóirí, tuiscint a bhaint as na mothúcháin agus na luachanna a chuirtear in iúl sa téacs) chun tacú le torthaí cuardaigh a ghiniúint maidir le beartas agus tuairimí chomh maith le staidrimh a tháirgeadh;
  • ábhar a postáladh ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach agus a d’fhéadfadh a bheith achrannach a bhrath agus béim a leagan air (mífhaisnéis fhéideartha ina measc chomh maith le hiarrachtaí eile chun plé Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach agus tuairimí poiblí a ionramháil, agus taighde ar an bhfuathchaint agus ar an antoisceachas foréigneach a bhrath);
  • oiliúint agus feabhas a chur ar fheidhmíocht an chórais anailísithe ábhair a úsáidtear chun dearcadh, mothúchán, mífhaisnéis fhéideartha agus tréithe eile an téacs a rangú, lena n-áirítear taighde ar eolas a bhaint as méideanna móra téacs ina lán teangacha. 

Ní dhéanfaidh an córas anailísithe ábhair meastóireacht ach ar an ábhar a chuirfear isteach trí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach. Áireofar leis sin freagraí le hainmneacha bréige ar an gceistneoir sochdhéimeagrafach agus ar ábhar eile (postálacha, tráchtaireachtaí, formhuinithe, léirithe ‘is maith liom’, vótaí) a chuirtear ar an Ardán (meiteashonraí gaolmhara san áireamh, cuir i gcás an t-am a cuireadh an t-ionchur isteach). Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach mbaileoidh an córas na sonraí pearsanta is gá don chlárú ar aon bhealach (e.g. ainm, sloinne, seoladh ríomhphoist) ach amháin má deirtear sin go sonrach sna tráchtaireachtaí, postálacha agus ábhair phoiblí eile a chuireann na húsáideoirí féin isteach. Sannfar aitheantóir uathúil do gach úsáideoir chun an fhéidearthacht go n-aithneofar an duine is ábhar do na sonraí a chosc.  

3. Cé na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

1- Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725)  

Is gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun oibriú agus bainistiú Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach a éascú. 

I gcomhréir le cuspóir ginearálta Airteagal 11(1) CAE chun mórchleachtas daonlathach uile-Eorpach a chothú agus chun na saoránaigh a thabhairt níos gaire don Aontas, mar aon leis na hoibleagáidí maidir le hoscailteacht, trédhearcacht agus inrochtaineacht a leagtar síos in Airteagal 15 CFAE. 

Is ceann de chuspóirí an Choimisiúin é an daonlathas Eorpach a chur chun cinn agus an deis a thabhairt do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíochta a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. Go sonrach, tá an fhéidearthacht ag an idirphlé sibhialta cothrománach samhail Eorpach an daonlathais a leathnú agus a neartú trí dhíospóireacht ilteangach dhaonlathach a chothú agus trí rannchuidiú le rannpháirtíocht na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, chomh maith le feiceálacht rannchuidiú an Aontais a mhéadú ó thaobh na saoránach de.  

Is féidir na cuspóirí sin a bhaint amach trí ardáin dhigiteacha lena gcumasaítear malartú cothrománach agus rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíochtaí daonlathacha agus polaitiúla an Aontais. Maidir le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach, is ardán é ar ar féidir le saoránaigh a smaointe a roinnt le chéile agus aighneachtaí a sheoladh isteach ar líne, agus feidhmeoidh sé mar mhol mar aon le fóram nua poiblí le haghaidh páirtithe leasmhara éagsúla, rud atá oiriúnach chun moltaí a chomhroinnt i dtaca le saoránaigh agus an tsochaí shibhialta. Spás atá ann chun luachanna, prionsabail agus cuspóirí an tionscadail Eorpaigh a shainaithint, machnamh a dhéanamh orthu agus iad a fhorbairt, réimse poiblí Eorpach a chruthú trí chuidiú chun an bhearna a líonadh idir lucht ceaptha beartas agus na saoránaigh, sin agus leas a bhaint as an acmhainneacht le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach na saoránach.

Gníomhaíochtaí cumarsáide atá nasctha le tosaíochtaí cumarsáide sonracha bliantúla nó ilbhliantúla de réir Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh ó Uachtarán an Choimisiúin, meastar gur cúraimí iad atá mar thoradh ar shainchumais an Choimisiúin ar an leibhéal institiúideach, mar a fhoráiltear in Airteagal 58(2) (d) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1) 

2- Tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta a phróiseáil chun chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha (Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725)  

Tá gá le toiliú ón ábhar sonraí le haghaidh gníomhaíochtaí próiseála ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(15) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní mór an toiliú a thabhairt faoi shaoirse agus é a bheith sonrach feasach soiléir. 

Tá gá le do thoiliú ar na fáthanna seo a leanas: 

  • clárú agus rochtain ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
  • páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach (e.g. aighneachtaí a chur isteach ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach).
  • nuachtlitir a fháil trí uirlis nuachtlitreach an Choimisiúin, ‘Newsroom’ (tagairt taifid DPR-EC-03928)

Fuaireamar do thoiliú go díreach uait le linn an chlárúcháin ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.

4. Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu

De réir na n-imthosca agus do ghníomhaíochtaí ar an ardán, d’fhéadfadh an Rialaitheoir Sonraí na catagóirí sonraí seo a leanas a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh: 

1- Na sonraí a bhailítear ó na húsáideoirí go léir (cláraithe nó neamhchláraithe): aitheantóirí ar líne (seoladh IP agus aitheantóir an ghléis), a bhailítear ar chúiseanna slándála amháin.  

Nuair a théann tú go dtí suíomh gréasáin de chuid an Choimisiúin, faigheann an Coimisiún, mar cheanglas teicniúil fíor-riachtanach, seoladh IP agus/nó aitheantóir an ghléis a úsáideadh chun an suíomh gréasáin a rochtain.  

Gan an phróiseáil sin, ní bheidh tú in ann nasc teicniúil a dhéanamh idir do ghléasanna agus bonneagar fhreastalaí an Choimisiúin Eorpaigh, agus dá bhrí sin ní bheidh tú in ann suíomhanna gréasáin an Choimisiúin a rochtain. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an taifead ar shonraí pearsanta a phróiseáil laistigh d’fhearann europa.eu, DPR-EC-00083.

2- Na sonraí a bhailítear ó na húsáideoirí go léir atá cláraithe:

Sainordaitheach

  • ainm (céadainm agus sloinne)
  • leasainm
  • seoladh ríomhphoist 

Roghnach

  • Na sonraí pearsanta is gá chun críocha staidrimh agus tuairiscithe
  • inscne
  • náisiúntacht
  • aoisghrúpa
  • tír chónaithe
  • gairm bheatha
  • cúlra oideachasúil agus gairmiúil
  • an t-uirbiú suibiachtúil (ceantar tuaithe/uirbeach) 

3- Ábhar a fhoilsíonn an t-úsáideoir cláraithe (is féidir le húsáideoirí cláraithe an ardáin in aon chás faisnéis bhreise a chur ar fáil agus féadfaidh sonraí pearsanta a bheith mar chuid den ábhar sin): 

  • tuairimí agus aighneacht/aighneachtaí eile* a cuireadh isteach ar ardán Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
  • rannpháirtíocht, freastal agus dearcadh (e.g. an líon ‘is maith liom’ ar mholtaí beartas, tráchtaireachtaí nó ábhair rannpháirtithe eile)  

Na catagóirí sonraí a phróiseáiltear trí fheidhmchlár EU Login (IAMS), tugtar cur síos orthu sa taifead cosanta sonraí comhfhreagrach (DRP-EC-03187

* I gcás na hoibríochta próiseála seo, áirítear sna haighneachtaí aon smaoineamh, aon bharúil, aon tuairim, aon phostáil a chuireann úsáideoirí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach isteach.

I ngeall ar an leochaileacht a d'fhéadfadh a bheith ag baint le do shonraí, moltar duit a bheith airdeallach agus tú ag cur ábhar isteach ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach.

Tabhair faoi deara nach n-iarrann ná nach bhfuil an Coimisiún ag súil leis go gcuirfidh úsáideoirí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach san áireamh (i) catagóirí speisialta sonraí faoi Airteagal 10(1) de Rialachán 2018/1725 (is é sin ‘sonraí pearsanta lena nochtar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, nó ballraíocht i gceardchumann agus próiseáil sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun críocha duine nádúrtha a shainaithint, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine’). Mar sin féin, i ngeall ar chineál na ngníomhaíochtaí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, d'fhéadfadh an t-ábhar a chuireann tú isteach trí Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach aghaidh a thabhairt ar ábhair agus topaicí lena nochtfar go díreach nó go hindíreach eolas a bhaineann le do shláinte, creidimh pholaitiúla, fhealsúnacha nó reiligiúnacha, saol gnéis nó claonadh gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach nó ballraíocht i gceardchumann go fiú. Is é an rannpháirtí féin atá freagrach as aon chineál sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar fáil.

Sa chás sin, ní bheidh cosc ar an bpróiseáil i ngeall go dtugtar na hábhair ar bhonn deonach agus go ndéantar do shonraí a phróiseáil ar bhonn do thoilithe shainráite agus go bhfuil gá leis ar mhórchúiseanna a bhaineann le leas an phobail, ar bhonn dhlí an Aontais (Roinn 3.1) atá comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, a urramaíonn éirim an chirt maidir le cosaint sonraí agus lena ndéantar foráil maidir le bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta bunúsacha agus do leasanna a choimirciú i gcomhréir le hAirteagail 10(2) (a) agus (e) de Rialachán (AE) 2018/1725.

5. Cén fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach amháin chomh fada is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh, is é sin go dtí go ndíliostálann tú ón liosta seolta. 

1- Na sonraí pearsanta is gá chun Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach a oibriú agus a bhainistiú

Do shonraí pearsanta a bhaileofar chun críocha an chláraithe agus a chuirfear isteach le linn sheal an Ardáin, coinneofar iad ar feadh uastréimhse 2 (dhá) bhliain tar éis an lae dheireanaigh de ghníomhaíocht Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, agus ina dhiaidh sin aistreofar na sonraí chuig cartlann stairiúil an Choimisiúin.

2- Tuarascálacha, taifid ar pháipéar agus taifid leictreonacha, taifid ARES a choimeádann DG COMM san áireamh

Gach taifead ar pháipéar agus gach taifead leictreonach a bhaineann le comhfhreagras ó lá go lá, glaonna ar thograí agus/nó ar léiriú spéise mar aon leis na comhaid chonarthacha/airgeadais lena mbaineann, chomh maith le tuarascálacha a bhfuil sonraí comhiomlánaithe iontu, cuirfear sa chartlann iad de réir Liosta Coinneála Choitinn ar Leibhéal an Choimisiúin (SEC(2019)900/2) agus déanfar iad a stóráil in ARES (Ardchóras Taifead) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta ar feadh tréimhse deich (10) mbliana agus teicnící roghnúcháin agus samplála á gcur chun feidhme (féach taifead DPR-EC-3871 – Bainistíocht chartlanna an Choimisiúin Eorpaigh).

6. Cén chaoi a ndéanaimid do shonraí pearsanta a chosaint agus a choimirciú?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach. 

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le hoibríochtaí próiseála ar bith a dhéantar ar shonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (RGCS). 

Chun do chuid sonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Cuimsítear leis na bearta teicniúla sin gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an riosca go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, agus an riosca a bhaineann le próiseáil agus le cineál na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil á chur san áireamh. Ar na bearta eagraíochtúla sin déantar cead rochtana ar shonraí pearsanta a shrianadh do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo. 

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do phearsanra údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh agus do na conraitheoirí sna hinstitiúidí sin atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a fheidhmiú de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta. 

Baill foirne a bhfuil sainordú acu de chuid sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ag a bhfuil baint le hArdán Rannpháirtíochta na Saoránach, tá rochtain acu ar shonraí pearsanta a bhailítear tríd an Ardán ar mhaithe le hoibriú an Ardáin agus an bainistiú is fearr a dhéanamh ar an Ardán agus chun gníomhaíochtaí leantacha a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun críocha tuilleadh próiseála (e.g. chun tuarascálacha faoin Ardán a chur le chéile, chun taighde a dhéanamh ar anailís ar thuairimí an phobail agus chun anailís agus cartlannú a dhéanamh). D’fhéadfadh sonraí clárúcháin, aitheantóirí ar líne, sonraí sochdhéimeagrafacha agus gach ionchur a chuirtear isteach ar an Ardán a bheith san áireamh leis sin. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach nach bhfuil rochtain ar na sonraí ach amháin ‘ar bhonn riachtanais eolais’, go sonrach: 

  • Beidh rochtain ag foireann TF an Choimisiúin ar na sonraí atá fíor-riachtanach chun tacaíocht theicniúil agus lóistíochta iomchuí a chur ar fáil (e.g. an deasc chabhrach, cearta rochtana a bhainistiú, cothabháil a dhéanamh ar an ardán).
  • Beidh rochtain ag modhnóirí agus úsáideoirí riarthóra ar an ainm iomlán agus ar an seoladh ríomhphoist a cuireadh ar fáil tráth an chlárúcháin.
  • Sonraí sochdhéimeagrafacha, a bhfuil ainm bréige leo agus a chuireann úsáideoirí ar fáil, beidh fáil orthu ag baill foirne JRC a bhfuil sainordú acu chun taighde agus anailís a dhéanamh ar thuairimí, agus chun na críche sin amháin.
  • Baill foirne de chuid phróiseálaithe an Choimisiúin a bhfuil sainordú acu (conraitheoirí seachtracha san áireamh), d’fhéadfaí na sonraí is ábhartha dóibh a chur ar fáil dóibh chun go mbeidh siad in ann an tacaíocht lóistíochtúil agus eagraíochtúil is gá a chur ar fáil (e.g. cothabháil theicniúil an ardáin) agus chun oibleagáidí eile a chomhlíonadh faoi mar a leagtar amach sna socruithe idir na próiseálaithe seachtracha agus an Coimisiún. D’fhéadfadh sonraí clárúcháin, aitheantóirí ar líne agus gach ionchur a chuirtear isteach le linn na próiseála a bheith san áireamh leis sin.
  • Beidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar an eolas a thaispeántar ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, atá ar fáil go poiblí.  

Tabhair do d’aire, de bhun Airteagal 3(13) de Rialachán (AE) 2018/1725, nach measfar gur faighteoirí iad údaráis phoiblí (e.g. an Chúirt Iniúchóirí, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh) a d’fhéadfadh sonraí pearsanta a fháil faoi chuimsiú fiosrúchán ar leith i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí Ballstáit. Comhlíonfaidh an phróiseáil bhreise a dhéanfaidh na húdaráis phoiblí sin ar na sonraí sin na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí de réir na gcríoch atá leis an bpróiseáil. 

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta. 

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh. 

8. Cé na cearta atá agat agus cén chaoi ar féidir leat iad a fheidhmiú? 

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725. A mhéid a bhaineann leis an oibríocht phróiseála sin, is féidir leat na cearta seo a leanas a fheidhmiú: 

  • an ceart rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí ceartúchán i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar do shonraí pearsanta (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • i gcás inarb infheidhme, an ceart go gcuirfí srian ar phróiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun iniomparthachta sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • agus an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a). 

Má thug tú do thoiliú d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad COMM.B.3 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha, is féidir leat é a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don rialaitheoir sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó i gcás easaontais, leis an oifigeach cosanta sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a shonraí teagmhála le fáil faoi Rannán 9.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs ceann amháin nó níos mó de na hoibríochtaí próiseála ar leith, déan cur síos orthu (i.e. tagairtí taifid mar atá sonraithe faoi Roinn 10) i d’iarratas.

9. Eolas teagmhála

  • An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh, Aonad COMM.C.3 (COMM-CITIZENS-ENGAGEMENT-DATA-PROTECTIONatec [dot] europa [dot] eu (COMM-CITIZENS-ENGAGEMENT-DATA-PROTECTION[at]ec[dot]europa[dot]eu)).

  • Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

10. Cén áit ar féidir eolas níos mionsonraithe a fháil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála go léir a dhéanann an Coimisiún maidir le sonraí pearsanta, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl don Oifigeach. Tá an clár le fáil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-23208.