Idirphlé Beartais leis an Aos Óg
Babhta nua den phlé
Daoine Óga ar mian leo go seasfadh an tAontas Eorpach ar son chearta an duine agus na síochána
Chuir na rannpháirtithe in iúl go raibh imní orthu faoin ngéarchéim dhaonnúil in Gaza agus d’áitigh siad ar an Aontas seasamh aontaithe níos láidre a ghlacadh. D’iarr siad go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí taidhleoireachta, go dtabharfaí cabhair dhaonnúil agus go gcosnófaí sibhialtaigh. Dar leosan, is bunluach é cearta an duine a chosaint nach mór don Aontas seasamh leis — ní hamháin san Eoraip, ach ar fud an domhain.
Chuir siad in iúl freisin a ndóchas don tsíocháin san Úcráin. D’iarr rannpháirtí amháin ar an Aontas níos mó a dhéanamh chun cabhrú le comhaontú síochána buan agus cóir a bhaint amach idir an Rúis agus an Úcráin, á rá go mbaineann cothú na síochána ní hamháin leis an bpolaitíocht, ach le dínit agus cobhsaíocht a chosaint ar fud na hEorpa.
Cad eile is féidir leis an Aontas a dhéanamh chun cearta an duine a chosaint agus chun tacú le hiarrachtaí cothaithe síochána ar fud an domhain? Conas is féidir le daoine óga cuidiú leis na gníomhaíochtaí sin a mhúnlú?
Roinn
Or copy link